Sunday, February 20, 2011

Prawn Crackers agus Íomhá Íosa

Tá bean ar m’aithne, nach de bhunadh na tíre seo í, agus tá an-suim aici san Eabhrais, mar theanga.

An tseachtain seo caite, bhí mé féin agus í féin ag labhairt faoi fhocail, agus faoi fhréamhacha focal; ise ag tabhairt samplaí Eabhraise domsa, mise ag tabhairt samplaí Gaeilge di.

Speaking of roots, I love our expression ‘crann taca’, which means ‘support’.” arsa mé féin léi.

Anois, níl a fhios agam cén chaoi ar thit na focail ‘crann taca’ ar chluasa na mná sin, ach is ‘prawn crackers’ a chuala sí, rud a fuair mé amach tar éis ceist iontais nó dhó uaithi.

Bhí bean eile i mo chomhluadar, arú inné. Bhí mé ag insint di faoin míthuiscint a tharla ní ba luaithe sa tseachtain. Dar léi, tá cara aici a deir, go rialta, ‘bricks and water’ in áit ‘bricks and mortar’, i ngan fhios, an dtuigeann sibh.

Níl a fhios agam an dtabharfadh sibh eggcornmífheilteachas ar a leithéidí, a léitheoirí, ach is minic daoine go hiomlán aineolach ar an mbotún atá á dhéanamh acu.

Pé scéal é, tá bean eile ar m’aithne agus d’inis sí dom, aréir, gur chaith sí formhór a saoil den tuairim gurb iad na bronntanais a thug an Triúr Saoithe d’Íosa, nuair a rugadh é, ná gold, frankincense agus, creid é nó ná creid... scáthán. 

8 comments:

Dennis King said...

Taitníonn “sparrow grass” mar ainm ar lus súgach go mór liomsa!

aonghus said...

Thuigfeá don mbean a chuaigh amú i scáthán na bhfocail.

Is cuimhin liomsa gur chuir an ghuí "Virgin most chased" mearbhall ormsa ar feadh na blianta.

Mise Áine said...

ASG!

Maith sibh. Chuir sibh tús maith le mo mhaidin...:-)

John said...

Tá cara agam, ón Ind ó dhúchas í, agus cé go bhfuil Béarla líofa aici tagann roinnt mífhealtachais as a béal go minic. Is cuimhin liom dhá cheann go háirithe...

Bhí sí ag caint faoina deartháir agus an bhean chéile trodach chantalach a bhí aige. "He's a hand-picked husband", a dúirt sí liom, i gan fhios di gur "hen-pecked" a bhí i gceist aici.

Lean fear aisteach í abhaile ó stáisiúin na dTiúib oíche amháin, agus shocraigh sí an lá dár gcionn go mbeadh sí i bhfad níos sábháiltí dá mbeadh canna "peppermint spray" - in áit "pepper spray - ina mála aici (ionas nach mbeadh boladh bréan ar a gcuid anála dá n-ionsófaí í is dócha).

Dennis King said...

Deirtear an Pledge of Allegiance sna scoileanna abhus anseo chuile mhaidin. Tá líne amháin ann a deir “with liberty and justice for all”. Is cuimhin liom an páiste a thuig “with libraries and judges for all”.

ormondo said...

Nuair a bhíos i mo ghasúr is cuimhin liom go ndeireadh duine éigin "appletight" seachas "appetite" agus "bittermints" in ionad "vitamins".

Agus bhí paidir ann tráth a raibh "and save us from peril and woe" mar chuid di. "And save us from pearl and woe", a thuigimis, agus bhí cailín darbh ainm Pearl ar an mbaile. Cé go gcuireadh sé iontas orm (agus ní miste a rá gur bheag an fonn a bhíodh orainn bheith ag drannadh le Pearl chéanna na paidre) ghlacainn ar chaoi éigin leis gurbh a bhuí le rúndiamhair an chreidimh gur tharla tagairt áitiúil a bheith i bpaidir a cumadh i bhfad i gcéin sa Róimh.

Mise Áine said...

Samplaí maithe eile, a fheara, go raibh maith agaibh!

Ó luaigh mé na prawn crackers le daoine ar m'aithne, tá neart samplaí cloiste agam - giota de chraic dúinn uilig in am seo an toghcháin!

TheBigMan said...

Chas mé ar banrialta as America a bhí an sloinneadh 'Scena' aici. Nuair a bhí sí 'na páiste, shíl sí go raibh an líne 'Pray for us sinners' ag tracht air a teaghlach féin.