Monday, February 28, 2011

Mise agus Enda

Mar mhochóirí, is iondúil gur mé is túisce a bhíonn i mo shuí.  Ní bhíonn duine ná deoraí le feiceáil ná le cloisteáil, gan romham ach ciúnas agus solas na maidine, an bheirt acu ag fanacht le saoirse uaim.

Ar ndóigh, ní féidir liom an tsaoirse sin a thabhairt dóibh nuair a bhíonn cuairteoirí sa teach, ach go háirithe. Déanann dallóga an iomarca torainn, an dtuigeann sibh, mar sin fágtar dúnta iad, rud a fhágann an solas bocht taobh amuigh, ar feadh scaithimh.

Fágaim mo bhróga díomhaoin, ó tharla iad callánach nuair a bhíonn siad féin agus mo chosa i dteannta a chéile, ar urláir chláir.  Siúlaim thart, mar a bheadh gadaí ann, ag oscailt doirse go réidh, clampar á sheachaint agam, ar fhaitíos go gcuirfinn isteach nó amach ar an lucht luí.

Ar maidin, tar éis fhuilibiliú na seachtaine, tá Enda ag oscailt doirse go réidh, shílfeá. Bainigí sult as an gciúnas, a léitheoirí. Is gearr uainn an gleo.

3 comments:

aonghus said...

Fíor dhuit. Clampar ár ndán.

Néidí said...

Beidh sé ciúin agus faoi rún!

Mise Áine said...

Dream nua, lá nua. Beidh le feiceáil!