Bhí scaifte breá d'fhilí inár gcuideachta ag Cúirt Filíochta 2024. Tá cuid de na filí ag freastal ar an gCúirt le blianta fada ach, chuile bhliain, tagann file nua nó dhó chugainn; file, b'fhéidir, atá ag cumadh léi/leis sa mbaile i ngan fhios don saol, nó file, b'fhéidir, a d'aithris dán nó dhó roimhe seo ach nach bhfuil aon aithne fhorleathan curtha againn air/uirthi...fós.
Cibé fáth a dtagann daoine chuig an gCúirt Filíochta, bíodh filí nó lucht éisteachta ann, is aoibhinn le Proinsias, Bríd agus mé fhéin sibh uilig a fheiceáil agus a chloisteáil, mar is sibhse a thugann beatha agus beocht don Chúirt Filíochta. Aon fhile nua a thagann chugainn, cuirtear fearadh na fáilte roimhe/roimpi, i gcónaí - is iadsan filí na todhchaí agus is iadsan a choinneoidh lóchrann na filíochta Gaeilge beo agus beathach.
Ár mbuíochas leis na filí uilig, leis an lucht éisteachta, le hOireachtas na Samhna, agus le Foras na Gaeilge as bhur gcuid tacaíochta. Táimid ag súil go mór le sibh uilig a fheiceáil i mBéal Feirste ag tús Mí na Samhna, más é bhur dtoil é, agus tá súil leis na déithe agam nach gcuirfidh na diabhal de chiorruithe seo isteach ar bhorradh agus ar bhláth na filíochta mar a chloistear í ag an gCúirt Filíochta. Ní bláth go síol.
Agus, más rud gur éirigh linne, freisin, aon lánúin a thabhairt le chéile thar na blianta, is amhlaidh is fearr é! Comhghairdeachas ó chroí le Ciara Ní É agus Reic - áthas orm go bhfuil siad ag ceiliúradh deich mbliana a mbunaithe, i mbliana. Gura fada buan iad.
Cé nach raibh siad in ann bheith i láthair ag an gCúirt Filíochta, sheol Paddy Bushe, Alan Titley agus Brian Ó Conchubhair dánta chugainn le haithris. Táimid fíorbhuíoch díbh, a fheara!
Seo a leanas na filí a d'aithris ag Cúirt Filíochta 2024 - Mícheál Ó Ruairc, Máire Ní Laoire, Dairena Ní Chinnéide, Eoghan Mac Cormaic, Proinsias Mac a'Bhaird, Christine Jones, Áine Durkin, Cathal Poirtéir, Mícheál Ó hUanacháin, Bríd Ní Mhóráin, Fíona de Buis (ag léamh dán ó pheann a céile, Paddy Bushe), Conchubhar Ó Liatháin, Pádraig Mac Fhearghusa, Máirín Mhic Lochlainn, Seònaid Mac Dhòmhnaill, Dubhán Ó Longáin, Matt Ó Maoinigh, Sibéal Ní Chonghaile, Alastair Mac Cuish, Mícheál Ó Conghaile, Éamann Ó hAisí, Ciara Ní É, Aimeé Ní Chonaing, Iain Ó Leocháin, Aingeal Ní Chonghaile, Áine Ní Ghlinn agus Pádraig Ó Laighin.
Ár míle buíochas leo uilig, agus leis an slua mór a bhí sa lucht éisteachta. Más mian leat tuilleadh a léamh faoi na cúirteanna a bhí ann go dtí seo, a léitheoir, is féidir theacht ar chuid de mo sheanbhlagmhíreanna anseo.
No comments:
Post a Comment