Monday, October 7, 2019

Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge


Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge á heagrú ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Scoil na Gaeilge agus na Ceiltise, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Dáta: Dé Sathairn, 23 Samhain 2019

Ionad: Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Fionntán de Brún

Beidh an cheardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta.

Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa
cheardlann sampla dá saothar: gearrscéal, splancscéal, cúig nó sé de
dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig CIC, ag moccic@eircom.net roimh an 13 Samhain 2019.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. 

Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí
freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tuilleadh eolais:

Bridget Bhreathnach nó Micheál Ó Conghaile
Cló Iar-Chonnacht
An Spidéal
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307  Facs: (091) 593362 
Ríomhphost: moccic@eircom.net

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon

No comments: