Monday, October 7, 2019

Ceardlann Scríbhneoireachta

Ceardlann Náisiúnta Scríbhneoireachta: 

An Gearrscéal, An tÚrscéal agus An Splancscéal.

Cló Iar-Chonnacht

Dáta: Dé Sathairn, 26 Deireadh Fómhair 2019

Ionad: Poetry Ireland, 11 Cearnóg Pharnell Thoir, BÁC

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc.

Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal, san úrscéal nó sa splancfhicsean.

Tabharfar áit ar an gceardlann freisin áfach do dhornán scríbhneoirí
aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na
scríbhneoirí aitheanta araon. Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal, sliocht as úrscéal (5-8 lch) nó cupla splancscéal dá gcuid a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag moccic@eircom.net ROIMH an 16 Deireadh Fómhair 2019.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tuilleadh eolais:

Micheál Ó Conghaile nó Bridget Bhreathanch
Cló Iar-Chonnacht
An Spidéal
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307  Facs: (091) 593362  Ríomhphost:
moccic@eircom.net
www.cic.ie

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon

No comments: