Tuesday, October 8, 2019

Cá bhfágfadh sé é?

Meas tú, a léitheoirí, an ionann géinte agus mianach? Má tá rud 'san fhuil' ag duine, an mbaineann sé sin le dúchas, nó le mianach, nó le géinte, bhur mbarúil?

Tharla sé go raibh mé ag labhairt le bean, níl sé i bhfad ó shin, agus dúirt sí, faoi fhear ar a haithne atá homaighnéasach, nach aon ionadh go bhfuil sé homaighnéasach mar tá uncail leis atá homaighnéasach, chomh maith, dar léi. 

'It's in his genes.' a dúirt sí liom.

Anois, níl a fhios agam fúibhse, a léitheoirí, ach níor chuala mise aon duine ag rá liomsa, riamh, ná le haon duine heitrighnéasach eile ar m'aithne, nach aon ionadh go bhfuileamar heitrighnéasach, mar go bhfuil sé sna 'genes' againn, ach sin scéal eile. 

Le fírinne a gclaonta gnéasach ceilte ag go leor daoine, thar na blianta, mar gheall ar bhrú éigin ón tsochaí thart orthu, ní dóigh liom gur féidir le haon duine againn a bheith cinnte céard a d'fhéadfadh a bheith sna géinte againn ónár sinsear romhainn; gan trácht ar na daoine bochta sin nach bhfuil in ann theacht ar aon eolas maidin lena ngéinte. 

Pé scéal é, tá eolaithe ann a chreideann go bhfuil i bhfad níos mó ná géinte i gceist le claonadh gnéis, agus, dar ndóigh, tá an díospóireacht faoi dhúchas agus oiliúint ann, freisin.  

An féidir le hoiliúint, nó le brú, nádúr an duine a athrú nó a mhúnlú? Nó, an bhfuil ceilt á dhéanamh ag daoine ar an rud atá san fhuil acu, nó ina nádúr, ar fhaitíos na bhfaitíos? An bhfuil fírinne an scéil inár ngéinte? 'Bhfuil dúchas an duine sa ghníomh nó sa ghéin? 

Seanfhocail ón leabhar 'Seanfhocla Chonnacht' daoibh, a léitheoirí,

Aithníonn ciaróg ciaróg eile. (Dúchas)

An rud atá sa smior, ní féidir a bhaint as an gcnáimh. (Dúchas)

Siúl an chait ag an bpisín. (Dúchas)

An rud a bhíos sa bhfuil bíonn sé sa bhfeoil. (Dúchas)

An soitheach a mbíonn an fíon ann, fanann an mianach sa gclár. 
(Dúchas)

Is treise oiliúint ná oideachas. (Béasa)

Is treise dúchas ná oiliúint.  (Dúchas)

Ní buí ón ngréin ach buí ó nádúr. (Dúchas)

Nuair a scapas an gaol scapann an nádúr. (Gaol)

No comments: