Wednesday, January 1, 2014

Beannachtaí na Bliana Úire

Seachain 'shíl mé' is 'ag súil le' agus seachnófar sileadh súl. 

Blessed is the man who expects nothing, for he shall never be disappointed. 

An leagan Gaeilge uaimse, agus an leagan Béarla ó Alexander Pope, file aorach, a chuir 'an naoú beannacht' sin thuas leis 'na hocht mbeannacht' ón tSeanmóir ar an Sliabh, más fíor.   

An méid sin ráite, feicim ar shuíomh brainyquote.com, go luaitear an t-athfhriotal céanna le Jonathan Swift, cé nach bhfeicim féin an t-athfhriotal sin luaite leis in aon áit ar an suíomh wikiquote.org. Ach, thug mé athfhriotal eile faoi deara ar an suíomh sin wikiquotes, ceann atá luaite le Jonathan Swift, is cosúil,

Laws are like cobwebs, which may catch small flies, but let wasps and hornets break through. 

Nuair a léigh mé an t-athfhriotal sin, sí an ghéarchéim seo a tháinig isteach i mo chloigeann. 

Cúpla seanfhocal ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:

Bíonn an mhil go milis, ach bíonn an mheach cealgach. (Brabach)

Ná déan caidreamh le feall nó déanfar feall ort. (Feall)

Ní in am a bhraitear an fealltóir. (Feall)

Claimhte fada i  láimh cladhaire. (Cur i gCéill)

Folach an chait ar a chac. (Cur i gCéill)

Mo bheannacht féin chugaibh agus oraibh an bhliain nua seo, a léitheoirí - go maire sibh foichí fealltacha ár linne. 

3 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

Beidh mé. Agus tá mé.

John M O Donoghue said...

athbhlian fé shean agus faoi mhaise duit , a Mhise áINE.

Mise Áine said...

@ Réaltán

Mise, freisin!

@ John

Go mba hé duit, a chara - deas cloisteáil uait arís..:-)