Monday, December 30, 2013

Rún ag Filleadh

Sea, an t-am sin den bhliain atá ann arís, a léitheoirí; deireadh bliana, le bliain úr ag teacht ar shála na seanbhliana, mar is iondúil léi - am na rún romhainn arís.  

Ní féidir í a sheachaint, an bhliain úr, ach amháin má fhaigheann tú bás, Dia idir sin agus an anachain. Mholfainn, b'fhéidir, é sin a bheith mar chéad rún agat, a léitheoir - sé sin le rá, an rún a bheith agat fanacht beo beathach, agus sláintiúil, más féidir é ar chor ar bith. Beidh arís ann, an dtuigeann tú, agus is é an dóchas lia gach anró, deirtear. 

Go deimhin, mar a scríobh mé ag tús na bliana, is iad na rúin chéanna a chuireann tús lenár ndea-rúin chuile bhliain, agus nach maireann i bhfad, go minic, cé go mbíonn muid i ndáiríre píre fúthu nuair a cheapann muid iad - tá an spiorad ullamh ach tá an cholainn fann, faraor. 

Sea, déanfaimid chuile iarracht, gan dabht, mar ní féidir iarracht a shárú, ach ritheann an smaoineamh liom féin, go minic, gur rud 'cumtha' é an féilire (bhí níos mó ná ceann amháin acu ann fadó) agus cén fáth, mar sin, an gcuireann muid an oiread sin strus orainn féin faoin mbliain úr mar, más fíor an méid a léim anseo, cumadh blianta úra úra riamh anall, agus ní féidir bheith cinnte cé acu an ceann ceart, an féidir?

Mar sin, mholfainn féin gan bacadh leis an strus, a chairde, ach lean ar aghaidh leis an gcraic, más mian libh, agus léigh na rúin atá molta acu ar happywink.org, faoi gceannteideal Funny New Year Resolutions

Maireann croí éadrom i bhfad. 

4 comments:

Anonymous said...

Treabh, cuir, gortghlan, uiscigh, bain. Cuma cad is earnáil duit, sin an t-oideas a oireann.

aonghus said...

Go n-éirí linn ar fad sna rúin sin, mar sin!

ormondo said...

D'fhéadfá rún a chomhlíonadh, gan dabht, ach níl bheadh sin inmholta mar sa chás sin chaithfeá an rún a bhaint den liosta don chéad bhliain eile.

Agus ba thrua sin, nárbh ea?

Mise Áine said...

@ SeanO agus @ Aonghus

Aontaím!

@ ba thrua sin

Braitheann sé sin ar dhearcadh an duine faoin rún, is dócha - cheapfainn féin go mbeadh duine sásta go leor dá n-éireodh leis/léi an rún a chomhlíonadh...dá mbeadh sé de rún acu an rún a chomhlíonadh, ar ndóigh..;-)