Wednesday, October 30, 2013

As an Dorchadas

Tugtar depression air i mBéarla. I nGaeilge, tá galar dubhach, ísle brí, dúlagar, lionn dubh, lagar spioraid, srl., feicthe agus cloiste agam. Cibé ainm atá agat féin air, tá sé ann, go forleathan, agus, faraor géar, go minic cuirtear é i bhfolach.

Aréir, chuala mé Conor Cusack ag labhairt ar Prime Time agus b'fhiú duit, a léitheoir, an méid a bhí le rá aige faoina 'chara' a chloisteáil anseo (42.48). 

Mura bhfuil deis agat éisteacht leis ansin, tá deis agat a scéal a léamh ar a bhlag, In Your Mindanseo, i mblagmhír dar teideal Depression is a friend, not my enemy

Mar dhuine a shiúil as an dorchadas mé féin, molaim Conor go hard na spéire as a scéal a roinnt linn, agus tá súil agam go gcuideoidh a ionracas leo siúd atá ag streachailt leis an saol; go dtuigfidh siad go bhfuil bealach amach as an dorchadas

Aontaím le Conor. Ina fhocail féin, 

'There is no situation that is without hope, there is no person that can't overcome their present difficulties. For those that are suffering silently, there is help out there and you are definitely not alone.' 

Áiméan, a chara. 


2 comments:

ormondo said...

Léigh mé faoi ar an nuachtán inniu agus tá a bhlagmhír chróga léite agam anois, leis.

Is léir go bhfuil líon mór daoine ann a bhfuil cuairt tugtha acu ar an gcríoch dhorcha - dá mbeidís, nó dá mbeimís, sásta é a admháil go poiblí - agus mura tromlach é, is mionlach sách mór atá i gceist anseo ar aon gcaoi.

Mise Áine said...

Fear cróga, gan dabht, a chara..:-)