Thursday, October 31, 2013

Oireachtas na Samhna 2013

Sea, a léitheoirí, is anseo atáim, in Óstán The Gleneagle, ag Oireachtas na Samhna, 2013. Wú hú!!!

Táim anseo ó aréir, rud a thug deis dom Clár na Féile a cheannacht, agus liosta imeachtaí a chur le chéile, le go mbeidh a fhios agam cáil mé ag dul; agus, sa chaoi go bhfeicfidh mé na himeachtaí atá uaim a fheiceáil, mar a déarfá.

Ar ndóigh, bíonn imeachtaí ag teacht salach ar a chéile, mar tá an oiread sin ag tarlú anseo, ach tosóidh mé leis an Scéalaíocht (faoi 12), ansin an Rince Aonair (15-18), Lúibíní (15-18), Seimineár Fhoras na Gaeilge, Lúibíní na nDaoine Fásta srl., - sin mo phlean, pé scéal é. 

Agus, mura bhfuil sibh ar an eolas faoi cheana, a léitheoirí, beidh Seoladh Oifigiúil na 'Foclóirí ar Líne' ann ag 5.30 i.n. - leaganacha ar líne d'Fhoclóir de Bhaldraithe (1959) agus d'Fhoclóir Uí Dhónaill (1977) - atá le feiceáil anseo, agus atá go hiontach, i mo thuairimse - maith sibh Foras na Gaeilge

Táim as súil go mór le cur i láthair Michal Boleslav Mĕchura ag an ócáid, am a mbeidh sé ag insint dúinn faoi phríomhfheidhmeanna an tsuímh. Obair éachtach á déanamh ag an bhfear sin! 

Gabh mo leithscéal anois, a léitheoirí, ach caithfidh mé imeacht, agus seastáin na bliana seo a fheiceáil. Slán go fóillín! 

4 comments:

Anonymous said...

Tá éad agam leat! B'fhédir go mbeidh an seans agam freastal ar an Oireachtas in 2014 . . .

Sionainn Ní Ghreacháin/ Shannon Grimes said...

Ba bhreá liom a bheith ann i gCill Airne... Bain taitneamh as! :D

ormondo said...

Is iontach ar fad na háiseanna nua. Tá bonn nó gradam éigin tuillte ag Michal.

Mise Áine said...

@ gasuirlegaeilge

Beidh sé i gCill Airne i 2014, agus i mBÁC i 2015 - súil agam go bhfaighidh tú an deis bheith ann, a chara.

@ Sionainn

Bhain, go deimhin! Spíonta anois..:-)

@ Ormondo

Aontaím! Bhí mé ag labhairt le Michal, ag an Seoladh Oifigiúil, agus dúirt mé leis go gceapaim go bhfuil éacht oibre déanta aige, agus ag na daoine/eagraiochtaí eile a bhíodh agus a bhíonn gnóthach ar son na Gaeilge ar líne - ní inniu ná inné a cuireadh tús leis an obair seo, agus murach a leithéidí, bheadh muid ag brath ar na leabhair amháin. Molaim iad uilig, go deimhin..:-)