Friday, June 28, 2013

An Feoilséantóir is Gnéasúla?

Ní hea, ní mise í, a léitheoirí, ahem, chomh fada agus is eol dom, pé scéal é, ach dá mbeinn ar dhuine de na moltóirí ar a leithéid de chomórtas 'An Feoilséantóir is Gnéasúla ar Domhan', táim den bharúil go ndéanfainn cinnte de nach raibh an buaiteoir a roghnóinn ag ithe ainmhí ar bith, éanlaith agus iasc san áireamh. 

I mbialanna áirithe, nuair a chuirim an cheist 'What vegetarian options have you got?,' deirtear liom, go rialta, 'We have fish and chicken dishes.'...osna...osna...osna. Bím ag súil lena leithéid de fhreagra, mar tarlaíonn sé chomh minic sin, ach chuir sé iontas orm go roghnódh PETA (People for the Ethical Treatment of Animals) an cúpla luaite in alt Xposé Entertainment, más fíor.

Le bheith féaráilte, agus ar fhaitíos go gceapfadh aon duine go bhfuilim ag ithe na feola fuaire, feicim nach bhfuil Dax Shepard luaite, mar bhuaiteoir, ar shuíomh PETA, ar chor ar bith; níl luaite ann ach a pháirtí, Kristen Bell, feictear dom. 


Ar aon nós, ó tharla mé ar ábhar na feola, tá sé chomh maith dom roinnt eolais eile a roinnt libh, ach ná habair a dhath le haon duine eile faoi - sea, a léitheoirí, bhí mé féin ag titim chun feola, le roinnt blianta anuas, ach tá an fheoil á baint anuas agam anois. Wúhú!

Aclaíocht agus ainmhithe abú..;-)

                                ****************
ag ithe na feola fuaire - backbiting/slandering people

titim chun feola/titim i bhfeoil - to grow flabby/fat

an fheoil a bhaint anuas - to lose weight

Na nathanna cainte thuas le fáil  i WinGléacht, a chairde. 


2 comments:

aonghus said...

Nathanna feolmhara! Ar Fhoclóir Uí Dhónaill atá WinGléacht bunaithe, nach ea?

Mise Áine said...

@ Ar Fhoclóir Uí Dhónaill atá WinGléacht bunaithe, nach ea?

Sea, go deimhin, a chara. Sé'n trua nach bhfuil leagan Android de WinGléacht le fáil...