Wednesday, June 26, 2013

Feic


An radharc a bhí romham ar maidin, agus mé ar mo shiúlóid. Nach bhfuil na bláthanna ar fheabhas! 

8 comments:

Unknown said...
This comment has been removed by a blog administrator.
Unknown said...

Nach aoibheann na blátha a fhéiscint. Bhí mé ag taisteal cúpla laethanta ó shin ar an bótharlann i dtreo Madrid.
Bhí tranglam úfasach tráchta ann agus bhí mo chroí buartha go leoir. Go tobann chonaic mé blátha ag fás ar taobh an bótharlann. Thósnaigh mé ag smaoineamh ar na Blátha Craige dar chum Liam Ó Flaithearta, " a dúirt mé leis na blátha nach suarach an áit ...... dúirt siad liom, éist liom a stór, táimid faoi draíocht ag ceol na mara" ó rud mar sin más buan mo cuimhne.

Mise Áine said...

Is aoibhinn liomsa na bláthanna, freisin, a John, ach ní hiad na bláthanna an chéad rud a tháinig faoi mo shúil, agus mé ag breathnú ar an radharc sin, caithfidh mé a rá..:-)

Mo chuimhne, fáilte isteach, a chara!

Unknown said...


Aontaím libh, tá na blathanna go hálainn. Tá an drochGhaeilge os á gcionn uafásach, ach tá na blathanna thar a bheith gleoite. : )

Dennis King said...

párc?

Unknown said...

Shíl mé, bḟhéidir, go raibh an duine ag iarraidh 'párcáil' a rá.

??

Tá mé ag fanacht le hÁine chun é a mhíniú... : )

aonghus said...

Feic saolta!

Mise Áine said...

Ainm na háite atá ann, is dóigh liom, ach táim den bharúil gur 'páirc' atá i gceist, cé nach é sin atá scríofa ag an gcomhartha, mhór ná mór!

Caithfidh mé an scéal a fhiosrú a thuilleadh, mar ní hé sin an chéad chomhartha a chonaic mé, i nGaeilge, a chuir stop tobann le mo shiúlóid.

Maidir leis na bláthanna áille, tá garraíodóir iontach fostaithe ag an gcomhairle anseo, agus tá an baile ag breathnú go hálainn aige, agus ag a chomhghhleacaithe. Beidh grianghraif uaim ar an ábhar sin...chomh luath agus a thiocfaidh lá gréine!

@ Dennis

Tá do bhláthanna féin ag breathnú go hiontach, a chara..:-)