Anois, cá raibh mé? Ó, sea…bhí mé as baile, ach bhí An
Garraíodóir do mo choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn na meantán mór.
Friday, May 31, 2013
Neadió Teilifís Áine
Wednesday, May 22, 2013
Neadió Teilifís Áine
Ar an 19 Bealtaine, bhí trí ubh sa nead, péire acu inti ón 4 Bealtaine, agus an ceann eile inti ón 5 Bealtaine. Bhí an meantán mór ag goradh go laethúil, agus bhí a páirtí ag teacht chuici le bia, go rialta.
Ar m'éirí dhom ar an 20 Bealtaine, chonaic mé ubh amháin sa nead, agus dhá éinín; iad ina gcodladh ar dtús, ach ansin...
...tháinig a Mamaí ar ais, agus d'oscail siad a mbéil ocracha, ag fanacht le beathú uaithi. Cé go bhfuil sé deacair é a fheiceáil ón ngrianghraf thuas, tá seilide ina béal aici - nó cruimh, b'fhéidir. Nílim cinnte céard a bhíonn ina mbéil acu, ach tagann na meantáin mhóra le feithidí éagsúla chuig na héiníní, go minic, chuile lá.
Nuair a d'éirigh mé inné, ar an 21 Bealtaine, bhí an tríú ubh imithe, agus éinín eile sa nead ina háit. Deacair na trí éinín a fheiceáil, a léitheoirí, ach tá siad ann, geallaim daoibh.
Clanna Éan
Beidh tuilleadh uaim, amach anseo, mar beidh an t-ál ag fás, de réir a chéile. is dóigh liom. Meas tú an dtabharfá meantáin mhóra bheaga ar an héiníní sin? Hmmm...
Labels:
dúchas,
éan,
éinín,
meantán mór,
nádúr,
Neadió Teilifís Áine,
NTÁ,
teachín éan,
teilifís,
ubh,
youtube
Monday, May 20, 2013
Cá bhfuil An Grá?
B’fhéidir go bhfaighidh sibh an freagra anseo, a léitheoirí.
Ach, más rud go bhfuil freagra
agat féin, nó go bhfuil dán agat - ach é i’d smaointe féin, ag fanacht le saoirse, abair - agus más rud gur mhaith leat an smaoineamh sin a roinnt le daoine, b’fhéidir gurbh fhiú duit breathnú ar an gcomórtas seo, The Irish Poem Is...'
Bheinn féin den tuairim go mbeadh mo cheannsa i nGaeilge, ach sin mise. Tuilleadh dánta, agus físeanna, ón
Poetry Project iontach, le feiceáil anseo.
Saturday, May 18, 2013
An Eorafís
Mar a scríobh mé arís is arís eile, ní mise an
duine is fearr le buaiteoirí a roghnú i gcomórtas na hEoraifíse, ach táim
díreach théis iad uilig a chloisteáil (útamáil ar bun agam ar an idirlíon ag an
am céanna), agus seo iad na hamhráin a tharraing mo shúile ón ríomhaire, i dtreo
na teilifíse, nuair a chuala mé iad:
amhrán na hÍsiltíre, amhrán na Fionlainne, amhrán na
hIodáile, amhrán na hAirméine.
Ach, más rogha na ngeallghlacadóirí atá uaibh, agus
go minic leanann siadsan roghanna na coitiantachta, is féidir libh iad a
fheiceáil anseo. Is léir nach bhfuilim ró-choiteann le mo rogha féin. Ah
bhuel, beidh le feiceáil. Is gearr uainn an vótáil anois.
Go n-éirí go geal le Ryan Dolan agus a
chomhghleacaithe! Rinne siad jab iontach ar an stáitse anocht.
Friday, May 17, 2013
Smaoineamh An Lae
Enlightenment does not happen in time. It happens when time stops.
Ní thagann tuiscint in am, ach nuair a stopann am.
An leagan
Béarla léite agam i leabhar le Gabriel Rosenstock, Haiku Enlightenment, ach is
ón bhfear seo, Papaji, a tháinig an ráiteas, dar leis an údar.
Is uaimse an leagan Gaeilge, ach cuirtear fáilte roimh bhur leaganacha féin, mar is iondúil, a léitheoirí.
Mar chuid
den fhéile Singing the Bridge (16-19 Bealtaine), beidh Ceardlann Haiku le Gabriel Rosenstock san Verbal Arts Centre i nDoire amárach, agus ó tharla go mbím
ag léamh Rogha Gabriel ó am go chéile, táim ag súil go mór leis an gceardlann
seo.
Ar thóis tuisceana atáim, an dtuigeann sibh...
Thursday, May 16, 2013
Neadió Teilifís Áine
Is cosúil
nach mbeidh in ál an mheantáin mhóir an geábh seo ach triúr, mar sin an méid
uibheacha atá le feiceáil agam sa nead, le seachtain anuas.
De réir
mar a léigh mé anseo ar Wikipedia, is iondúil go mbíonn idir 5 ubh agus 12 ubh in ál, ach má
bhíonn iomaitheoirí go leor timpeall na háite, (agus bhí sé ina raic idir an
meantán mór agus an meantán gorm, mar a chonaic sibh ar m'fhíseán anseo ar youtube, a léitheoirí) beidh
líon na n-uibheacha níos lú.
Pé scéal
é, bhí an chéad ubh aici ar an 4 Bealtaine, agus maireann an tréimhse ghoir
idir 12 agus 15 lá, mar sin bheinn ag súil le héinín nó dhó, nó trí, a
fheiceáil go luath.
Idir an
dá linn, caithigí súil ar an bhfíseán is deireanaí uaim, anseo ar YouTube, agus
feicfidh sibh go bhfuil a páirtí ag tabhairt aire mhaith don mheantán mór na
laethanta seo. Ní fhágann sí an nead ach anois is arís, mar sin caithfidh sé
féin cabhrú léi, mar a fheicfidh sibh.
Mo
chuimhne, aiféala orm nach bhfuil ceamara na neide socraithe mar ba chóir, agus
nach féidir gach rud a tharlaíonn istigh sa teachín éan a fheiceáil céad faoin
gcéad, ach ní féidir linn a dhath a dhéanamh faoi an geábh seo, mar níor mhaith
linn go ngoillfeadh ár n-útamáil ar na meantáin mhóra, agus ghoillfeadh, dá
dtiocfadh muid in aice na neide in am seo an ghoir.
Tuilleadh uaim arís, nuair a bheas tuilleadh le tuairisciú.
Sunday, May 12, 2013
Miotaseolaíocht
Tá
foclóir agam, Irish Mythology le Peter Kavanagh. Tháinig mé ar an leabhar
de thimpiste ar maidin, nuair a bhí mé útamáil liom anseo san oifig, ar thóir
leabhair eile, mar is minic liom.
Pé scéal
é, d’oscail mé an leabhar, agus bhreathnaigh mé ar fhocal nó dhó ón bhfoclóir
ann, cinn a roinnfidh mé libh anois, a léitheoirí, ó tharla an fonn sin orm. Foclóir
i mBéarla atá ann, dá bhrí sin is i mBéarla a roinnfear na giotaí éagsúla libh
anseo, mura miste libh.
Faoin
gceannfhocal Love, tá sé scríofa ann,
'To make a
woman fall in love with you rub your face in her apron. The defence: burn the
apron.'
Rith sé
liom, agus an abairt sin á léamh agam, gur iomaí bean a mbeadh fonn uirthi an t-aprún sin a dhó, chomh maith céanna.
Maidir le
Egg Shells, scríobhadh,
'Egg
shells should be crushed to prevent the fairies using them as boats.'
Cén
dochar a bheadh ann dá mbeadh báid ag sióga, meas tú?
Dúradh fadó, is cosúil, faoin Ear-wig,
'A common
disguise of the devil; he should always be killed.'
Glacaim
leis gurb é an ceilpeadóir bocht atá i gceist leis an ‘should always be killed’
sin, chan an diabhal. Chomh fada agus is eol dom, tá an diabhal in ainm bheith
caillte cheana. Bhítí ann a cheap a mhalairt, seans. B'fhéidir go bhfuiltear ann a cheapann a mhalairt fós, go deimhin.
Mo
chuimhne, i mbrollach an leabhair, tá sé scríofa ag an údar,
'Stories
about the saints have been kept out as much as possible because they do not
belong in a book on mythology.'
Chloisfeá
‘Hmmm...’ nó dhó, ó dhuine nó dhó, faoin abairt sin freisin, cheapfainn féin.
Wednesday, May 8, 2013
Nua-Ealaín
Tá tús curtha le blag nua, Nua-Ealaín, (Ealaín in Éirinn), blag ar fiú súil a chaitheamh air, a léitheoirí, i mo thuairimse.
Is suíomh é ar a ndéanfar plé, trí mheán na Gaeilge, ar na hamharcealaíona comhaimseartha in Éirinn. Beidh agallaimh le healaíontóirí le feiceáil ar an suíomh, agus gheofar eolas ann faoi na taispeántais reatha, agus na cinn atá le teacht, is dócha.
Is fiú dea-scéal a scaipeadh, a léitheoirí, agus bheadh sé go deas dá ndéanfadh sibh féin amhlaidh, agus an dea-scéal seo a scaipeadh, le bhur dtoil.
Tá siad le fáil ar Facebook, freisin.
Is gearr go mbeidh an seoladh oifigiúil acu i nGaillimh. Go n-éirí go geal leo!
Is suíomh é ar a ndéanfar plé, trí mheán na Gaeilge, ar na hamharcealaíona comhaimseartha in Éirinn. Beidh agallaimh le healaíontóirí le feiceáil ar an suíomh, agus gheofar eolas ann faoi na taispeántais reatha, agus na cinn atá le teacht, is dócha.
Is fiú dea-scéal a scaipeadh, a léitheoirí, agus bheadh sé go deas dá ndéanfadh sibh féin amhlaidh, agus an dea-scéal seo a scaipeadh, le bhur dtoil.
Tá siad le fáil ar Facebook, freisin.
Is gearr go mbeidh an seoladh oifigiúil acu i nGaillimh. Go n-éirí go geal leo!
Neadió Teilifís Áine
Éan scéal eile uaim, a chairde, le feiceáil anseo ar YouTube.
Tá an meantán gorm bocht fós thart, ach is leis an meantán mór na huibheacha, gan dabht.
Cé mhéad ubh atá sa nead anois?
Breathnaigh ar an bhfíséan thuasluaite, agus feicfidh sibh, a léitheoirí.
Tá an meantán gorm bocht fós thart, ach is leis an meantán mór na huibheacha, gan dabht.
Cé mhéad ubh atá sa nead anois?
Breathnaigh ar an bhfíséan thuasluaite, agus feicfidh sibh, a léitheoirí.
Tuesday, May 7, 2013
Tumchónaí na dTeaghlach
Mar eolas daoibh, a chairde, seo chugaibh fógra faoin deireadh seachtaine 'Tumchónaí na dTeaghlach' a bheidh ann, i nGartán, ag deireadh na míosa seo.
Bhain mé féin an-sult as deireadh seachtaine mar é, ceann do dhaoine fásta, trí bliana ó shin. Bhí an-chraic againn, caithfidh mé a rá.
Tá na sonraí uilig le fáil ó Mháirtín ag Gaelphobal.
Monday, May 6, 2013
Neadió Teilifís Áine
Le lá nó dhó, tá ubh nó dhó le feiceáil sa nead, agus is féidir leat mo dhara fhíseán ar an ábhar a fheiceáil ar YouTube anseo. Ar ndóigh, ná bígí ag súil le físeán foirfe ón bhfoirfeach seo, ach táim ag foghlaim liom, de réir a chéile.
Bhuel, tá réiteach faighte againn ar an mistéir, agus is í an meantán mór atá ina suí ar na huibheacha. Glacaim leis gur léi na huibheacha, ach ní mó ná sásta atá an meantán gorm leis an scéal. Chuile lá, tagann sé isteach sa nead, nuair a fhágann an meantán mór í, agus táim den bharúil go mbíonn sé ag iarraidh na huibheacha a bhriseadh, ach d'fhéadfainn bheith mícheart faoi sin.
Inniu, chomh luath is a d'fhág an meantán mór an nead, tháinig an meantán gorm isteach sa teachín éan. D'fhan a pháirtí taobh amuigh ag an gcrann. Ansin, tháinig an meantán mór baineann ar ais, lena páirtí féin, agus bhí sé ina raic taobh amuigh ar an gcrann, leis na meantáin fhireanna in adharca a chéile.
Ó shin i leith, agus anois díreach, tá an meantán mór istigh sa teachín éan. Meas tú an mbeidh ubh nó dhó eile againn ar ball beag?
Beidh le feiceáil...
Bhuel, tá réiteach faighte againn ar an mistéir, agus is í an meantán mór atá ina suí ar na huibheacha. Glacaim leis gur léi na huibheacha, ach ní mó ná sásta atá an meantán gorm leis an scéal. Chuile lá, tagann sé isteach sa nead, nuair a fhágann an meantán mór í, agus táim den bharúil go mbíonn sé ag iarraidh na huibheacha a bhriseadh, ach d'fhéadfainn bheith mícheart faoi sin.
Inniu, chomh luath is a d'fhág an meantán mór an nead, tháinig an meantán gorm isteach sa teachín éan. D'fhan a pháirtí taobh amuigh ag an gcrann. Ansin, tháinig an meantán mór baineann ar ais, lena páirtí féin, agus bhí sé ina raic taobh amuigh ar an gcrann, leis na meantáin fhireanna in adharca a chéile.
Ó shin i leith, agus anois díreach, tá an meantán mór istigh sa teachín éan. Meas tú an mbeidh ubh nó dhó eile againn ar ball beag?
Beidh le feiceáil...
Saturday, May 4, 2013
Neadió Teilifís Áine
Ar maidin, tá ubh amháin sa nead...wúhú! Ach, cé leis í – an
meantán gorm nó an meantán mór?
Le ceithre lá anuas, tá An Garraíodóir agus mé féin ag
coinneáil súil ghéar ar an ngeáitsíocht idir an meantán gorm agus an meantán
mór, agus chuirfeadh sé ionadh oraibh, a léitheoirí, na cineálacha rudaí atá le feiceáil againn.
Is é/í an
meantán mór a chuir tús leis an nead ach is é/í an meantán gorm a thóg an nead,
den chuid is mó (brú ar an bhfocal 'YouTube' sa bhlagmhír thíos, a chairde, agus feicfidh sibh é i mbun a chuid oibre.)
Ach, cúpla lá ó shin, tar éis don mheantán gorm an nead a
fhágáil, le cleití úra a fháil (bhí sí ag bailiú cleití ó mhaidin), bhog an
meantán mór isteach sa teachín éan. Ar fhilleadh don mheantán gorm, (is dóigh liom gur ‘di’ a bhí ann)
ní mó ná sásta a bhí sí an meantán mór a fheiceáil sa teachaín éan. Ní bhfuair an meantán gorm bocht aon fháilte mhór, agus ní ligfeadh an meantán mór ar ais isteach chuig an nead í.
Arú
aréir, agus aréir, sí an meantán mór a bhí ina codladh ar an nead. Is dóigh liom,
faoin am seo, gur ‘sí’ atá ann, agus gurb é an ‘sé’ atá taobh amuigh den
teachín éan, ag bagairt a ghéaga ar an meantán gorm bocht.
Inné, bhí
an meantán mór istigh ar an nead, an chuid is mó den am, ach bhí an meantán gorm
ag teacht agus ag imeacht, chomh maith céanna, cé nár fhan sí istigh sa teachín
éan, ach amháin gur chóirigh sí an nead beagán.
Só, cé leis an ubh thuas?
Bhuel, ar
maidin, chonaic mé meantán mór ag breathnú ar an ubh, cé nár fhan sé/sí ann ach cúpla
soicind. Ina dhiaidh sin, tháinig an meantán gorm isteach, agus bhreathnaigh sé/sí ar an ubh, cé nár fhan sé/sí ach cúpla soicind, ach an oiread. Ní fhaca mé aon éan ná aon ubh eile ó shin.
Tuilleadh uaim ar ball beag,
agus tá súil agam gur dea-scéal a bheidh ann.
Wednesday, May 1, 2013
Neadió Teilifís Áine
Ó tharla go bhfuil ceamara infridhearg istigh sa teachín
éan, agus go bhfuil an ceamara sin ceangailte againn le teilifís na cistine,
agus go bhfuil mo cheamara féin dírithe ar an teilifís chéanna na laethanta
seo, chinn mé go gcuirfinn mo chéad fhíseán ar YouTube, le go mbeadh
deis agaibhse, a léitheoirí, an méid a fheicimse a fheiceáil.
Bainigí sult as, a chairde!
Subscribe to:
Posts (Atom)