Friday, May 17, 2013

Smaoineamh An Lae


Enlightenment does not happen in time. It happens when time stops. 

Ní thagann tuiscint in am, ach nuair a stopann am. 

An leagan Béarla léite agam i leabhar le Gabriel Rosenstock, Haiku Enlightenment, ach is ón bhfear seo, Papaji, a tháinig an ráiteas, dar leis an údar. 

Is uaimse an leagan Gaeilge, ach cuirtear fáilte roimh bhur leaganacha féin, mar is iondúil, a léitheoirí.  

Mar chuid den fhéile Singing the Bridge (16-19 Bealtaine), beidh Ceardlann Haiku le Gabriel Rosenstock san Verbal Arts Centre i nDoire amárach, agus ó tharla go mbím ag léamh Rogha Gabriel ó am go chéile, táim ag súil go mór leis an gceardlann seo. 

Ar thóis tuisceana atáim, an dtuigeann sibh...

2 comments:

Anonymous said...

Is ar éigin a bhaineann sé le do mhír, ach rith seo liom agus mé a léamh:

Ceathanna smaointe, tuiscint sna heatraimh.

Mise Áine said...

Is maith liom é sin..:-)

Bhain mé an-sult as an gceardlann. Bhí Gabriel thar barr ag míniú faoin haiku, agus d'fhoghlaim mé go bhfuil go leor le foghlaim agam!