Thursday, May 16, 2013

Neadió Teilifís Áine



Is cosúil nach mbeidh in ál an mheantáin mhóir an geábh seo ach triúr, mar sin an méid uibheacha atá le feiceáil agam sa nead, le seachtain anuas.

De réir mar a léigh mé anseo ar Wikipedia, is iondúil go mbíonn idir 5 ubh agus 12 ubh in ál, ach má bhíonn iomaitheoirí go leor timpeall na háite, (agus bhí sé ina raic idir an meantán mór agus an meantán gorm, mar a chonaic sibh ar m'fhíseán anseo ar youtube, a léitheoirí) beidh líon na n-uibheacha níos lú.

Pé scéal é, bhí an chéad ubh aici ar an 4 Bealtaine, agus maireann an tréimhse ghoir idir 12 agus 15 lá, mar sin bheinn ag súil le héinín nó dhó, nó trí, a fheiceáil go luath.

Idir an dá linn, caithigí súil ar an bhfíseán is deireanaí uaim, anseo ar YouTube, agus feicfidh sibh go bhfuil a páirtí ag tabhairt aire mhaith don mheantán mór na laethanta seo. Ní fhágann sí an nead ach anois is arís, mar sin caithfidh sé féin cabhrú léi, mar a fheicfidh sibh.

Mo chuimhne, aiféala orm nach bhfuil ceamara na neide socraithe mar ba chóir, agus nach féidir gach rud a tharlaíonn istigh sa teachín éan a fheiceáil céad faoin gcéad, ach ní féidir linn a dhath a dhéanamh faoi an geábh seo, mar níor mhaith linn go ngoillfeadh ár n-útamáil ar na meantáin mhóra, agus ghoillfeadh, dá dtiocfadh muid in aice na neide in am seo an ghoir.  

Tuilleadh uaim arís, nuair a bheas tuilleadh le tuairisciú. 

2 comments:

Néidí said...

Nach suíann Síog faoin gcrann ag feitheamh?

Mise Áine said...

Níor thug mé faoi deara gur thug seisean na héin faoi deara fós, a Néidí, ach beidh le feiceáil, nuair a thosóidh na héiníní ag glaoch!