Monday, May 6, 2013

Neadió Teilifís Áine

Le lá nó dhó, tá ubh nó dhó le feiceáil sa nead, agus is féidir leat mo dhara fhíseán ar an ábhar a fheiceáil ar YouTube anseo. Ar ndóigh, ná bígí ag súil le físeán foirfe ón bhfoirfeach seo, ach táim ag foghlaim liom, de réir a chéile. 

Bhuel, tá réiteach faighte againn ar an mistéir, agus is í an meantán mór atá ina suí ar na huibheacha. Glacaim leis gur léi na huibheacha, ach ní mó ná sásta atá an meantán gorm leis an scéal. Chuile lá, tagann sé isteach sa nead, nuair a fhágann an meantán mór í, agus táim den bharúil go mbíonn sé ag iarraidh na huibheacha a bhriseadh, ach d'fhéadfainn bheith mícheart faoi sin. 

Inniu, chomh luath is a d'fhág an meantán mór an nead, tháinig an meantán gorm isteach sa teachín éan. D'fhan a pháirtí taobh amuigh ag an gcrann. Ansin, tháinig an meantán mór baineann ar ais, lena páirtí féin, agus bhí sé ina raic taobh amuigh ar an gcrann, leis na meantáin fhireanna in adharca a chéile. 

Ó shin i leith, agus anois díreach, tá an meantán mór istigh sa teachín éan. Meas tú an mbeidh ubh nó dhó eile againn ar ball beag?

Beidh le feiceáil...

3 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

gach súil againn go mbeidh - leis an dea-aimsir atá againn inniu tá an samhradh tagtha do d-éiníní, cinnte

Anonymous said...

Iontach spéisiúil. Is díol trua liom í an meantan gorm anois, agus í caite amach as a teach!

Mise Áine said...

@ Réaltán @ Lawrence

Níl a fhios agam an bhfuil an trí chéile idir na meantáin ag dul i gcion ar an mbreith, ach tá an meantáin mór mall go leor leis na huibheacha, feictear dom.

Níl aon chlár teilfíse chomh mealltach leis an seó laethúil seo - domsa, pé scéal é..:-)