Tuesday, August 21, 2012

Focail Féilire

Níor bhac mé le leagan de mo chuid féin a chur ar athfhriotal an lae inné, You can’t unscramble an egg, mar go gceapaim go bhfuil seanfhocal ann cheana atá sách feiliúnach:

Ina dhiaidh a thuigtear gach beart.

Cuirim fáilte, mar is iondúil, roimh aon leagan Gaeilge a mholfadh sibhse, a léitheoirí, mar b’fhéidir nach n-aontódh sibh féin gur ionann an dá leagan ar chor ar bith.

Ar aon nós, thosaigh mé ag útamáil trí na nótaí agus na leabhair atá agam anseo, agus tháinig mé ar na seanfhocail thíos, cinn a cheap mé a d’fheilfeadh don téama, mar a déarfá, fiú mura bhfuil baint dá laghad acu le, ahem, uibheacha:

Tar éis gach beart a aithnímid ár leas.
Wisdom comes after the event.

Níl maith sa seanchas nuair a bhíos an anachain déanta.
No use crying over spilt milk.

Fál ar an ngort tar éis na foghla.
Locking the stable door after the horse has been stolen.

Is fearr réchonn ná iarchonn.
Is fearr amharc amháin romhat ná dhá amharc i do dhiaidh.
Foresight is better than hindsight.

Bhuafadh an imní ar an gcinniúint.
Care would overcome fate.
Accidents could be avoided with care.

Níl duine dá chríonnacht nach dtéann beart ina aghaidh.
Everybody makes mistakes.

Dearmad bhean an tí ag an gcat.
Housewife’s negligence, cat’s benefit.

Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin.
It’s an ill wind that blows nobody good.

Beidh lá eile ag an bPaorach.
Another opportunity will arise.

4 comments:

Dennis King said...

Is maith liom an cnuasach seo!

aonghus said...

Liomsa freisin!

ormondo said...

Agus liomsa chomh maith.

Tá nath eile ann ar an múnla céanna ar nós "ní fiú troid faoin easair fholamh" ach ní ritheann an leagan cruinn liom.

Mise Áine said...

Go raibh maith agaibh, a fheara!

Ní raibh an nath sin agam, go raibh maith agat, a Fhearghuis, ach tá 'ag troid faoin easair fholamh' in WinGléacht - 'fighting over nothing'.