Monday, August 20, 2012

Oideas Veigeatórach

Bainim úsáid as an oideas seo le quiche cáis ghabhair a dhéanamh. Déanaim mar atá molta aici ina nótaí, ‘Be bold and try new flavors,’ agus athraím na glasraí san oideas, ó am go chéile.


Inniu, in áit na n-oinniún, chuir mé puimcín imchnó isteach sa quiche, leis na cúirséid. Blás níos milse air, gan na hoinniúin, agus bhí blas na tíme sa quiche níos láidre, shíl mé. 


Sa sailéad tá spionáiste, peirsil, trátaí, basal, cáis feta, agus rúinín ola ológa úríon measctha le peisteo basal.  Mo chuimhne, bainim úsáid as plúr slánghráin; plúr speilte, go hiondúil.

6 comments:

Dennis King said...

Chuir an focal “veigeatórach” ionadh orm. Ní fhaca mé riamh cheana é, ach feicim anois gurb é seo an téarma a mholann focal.ie. “Feoilséantach” an t-aon fhocal a bhí agam riamh, agus is breá soiléir an focal é. Agus “plúr slánghráin” in áit “caiscín”?

Dála an scéal, feicim freisin gur scríobh tú “torthaí” in áit “glasraí”. An cuid de do chanúint é sin?

Mise Áine said...

@ “torthaí” in áit “glasraí”.

Botún, a Dennis, agus an leagan ceart i.e. 'glasraí' ann anois..:-)

B'fhéidir gur torthaí talún a bhí i mo chloigeann, ach is glasraí a bhí i gceist agam a scríobh, go deimhin!

@ 'caiscín'

Thabharfainn builín donn ciorclach ar chaiscín - bhuel, sin a shamhlaím agus an focal sin in úsáid agam, pé scéal é.

@ veigeatórach agus plúr slánghráin

Is maith liom focail éagsúla a úsáid as focal.ie, ó am go chéile, agus go mion minic.

É sin ráite, is 'feoilséantóir' mé, i mo chloigeann féin, is cuma cén focal atá acu ar mo leithéid ar an suíomh iontach sin..;-)

Mise Áine said...

Sea, fiú ar an seanbhlag, feoilséantóir a bhí ionam..;-)

ormondo said...

Pé scéal é, bheinn sásta an fheoil a shéanadh ar son na dtorthaí siúd, fiú amháin más glasraí iad. Is iad na fa focail a ritheann liomsa ná GOILE, OCRAS...

Mar a deirtí in Éirinn: ní quiche go puimcin imchnó!

Mise Áine said...

Tá an quiche an-bhlasta, a Fhearghuis - is aoibhinn liom cáis ghabhair..:-)

Dennis King said...

Thug mé suntas don fhocal “torthaí” ar an toirt toisc go bhfuil an-suim agam in oidis a bhfuil idir thorthaí agus chomhábhair “savory” (.i. neamh-mhilis) iontu; tagines na hAfraice Thuaidh, mar shampla. Torthaí agus feoil (brón orm!) atá i gceist de ghnáth ansin, ach tá mé réasúnta cinnte go mbeinn in ann tagine deas a chur le chéile le tofú friochta agus aibreoga tirime. Tá dea-chairde agam nach n-itheann feoil, tar éis an saol!
;-)