Tuesday, August 21, 2012

Radharc...

...a chonaic mé ar maidin, ar mo bhealach ar ais ón siopa:

cailín óg ag teacht amach as carr…cailín óg eile ag teacht amach as carr taobh léi…roinneann siad barróg…leaid óg ag teacht amach as carr eile, carr a tharraing isteach taobh leo…siúlann sé anonn go dtí na cailíní…cuireann a dhá láimh timpeall orthu…an triúr acu ag roinnt barróige…scaoiltear leis an mbarróg, agus siúlann an triúr acu trasna an bhóthair…go dtí oifig na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Teastaíonn tacaíocht in am an ghátair.

3 comments:

aonghus said...

Teastaíonn.

Go raibh faoiseamh i ndán dóibh.

Mise Áine said...

Áiméan.

ormondo said...

Nach dteastaíonn, go deimhin!