Friday, March 30, 2012

Nathanna Cainte

‘B’annamh leis an gcat srathair a chur air,’ arsa An Dómhnallach liom, an lá cheana. Go deimhin, ní dhéanfadh cat a leithéid. Ní dhéanfadh cat é seo, ach an oiread, ach sin scéal eile.

Maidir leis an seanfhocal thuas, deirtear anseo go bhfuil sé ‘said of something noticeable for being unusual,’ agus sin go díreach an míniú a fuair mé ón Dómhnallach. Go raibh maith agat, a chara.

Ó tharla cat luaite liom, chuaigh mé ar thóir nathanna cainte agus seanfhocal ina luaitear iad, agus seo toradh mo chuid oibre, a léitheoirí:

Does a cat like milk? – Ní theitheann cú ó chnámh

An t-am a múchtar na coinnle bíonn an uile chat glas – When candles are out all cats are grey

Cat de réir cineáil – Cat after kind

Tá cat crochta romhat sa teach sin – They have it in for you

Like a cat on hot bricks –  Bheith ar bís

See what way the cat jumps – Féachaint cén cheard a shéidfidh an ghaoth

Not enough room to swing a cat in it – Níl slí dhá chat chun rince ann

Let the cat out of the bag – Rún a sceitheadh

Ní raibh cat ná madra ann – There was nobody there

Íde na gcat is na madraí a thabhairt dá chéile - To quarrel like cat and dog

Cat is dhá eireaball a rinne sé – He did a lot

Beidh cait óga aige – He will have a fit

Dhéanfadh sé cat is dhá eireaball air – He’d work wonders

Céard a dhéanfadh an cat ach luch a mhárú – Like father, like son

Ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán – A cat purrs for its own benefit

Gan ‘cat dubh’ ná ‘cat bán’ a rá leis – Say nothing to him

Cat breac – Turncoat

Cat mara – Calamity

Tá cat mara air – It is terrible

Agus, dá gcuirfeá an leagan Béarla den fhocal cat in abairt, mar shampla, ‘bhí an aimsir cat an lá cheana’ nó ‘tá sé sin cat,' an focal ‘uafásach’ a bheadh i gceist agat.

Foinsí

FBG – T.deBhaldraithe  – lch 105

FGB Uí Dhónaill lch 196

FBG McCionnaith – lch 166

FBG T O’Neill Lane (Larger)  - lch 266 – 267

Wingléacht  

Gaeilge Iorras Aithneach le Brian Ó Curnáin – an pdf  (5.25MB) ón Dublin Institute for Advanced Studies le léamh anseo.

3 comments:

John said...

@ "An t-am a múchtar na coinnle bíonn an uile chat glas – When candles are out all cats are grey" - úsáidfidh mé an ceann sin amach anseo ;)

Tá aistriúchán 'catach' ar "Céard a dhéanfadh an cat ach luch a mharú" sa Bhéarla freisin - "Black cat, black kitten" - cloistear an ceann sin go minic sa bhaile.

Cloistear 'cat' i mBéarla Loch Garman go minic freisin ag tagairt do drochrud - ar nós na haimsire, faoi mar atá luaite agat. Deirtear 'cat melodeon' go minic freisin sa chomhthéacs céanna, ach níl míniú agam ar an 'melodeon' sin.

Dennis King said...

Beidh cait óga aige – He will have a fit

An bhfuil “he's gonna have a cow” cloiste agaibh? Deirtear abhus anseo é. Is fearr liom an leagan Gaeilge anois.

Mise Áine said...

@ 'cat melodeon'

Tá sé sin cloiste agamsa freisin agus, dar le slang.ie is 'performance will below par' atá i gceist.

@ 'he's gonna have a cow'

Níor chuala mé é sin riamh, a Dennis..:-)