Tuesday, March 27, 2012

Neadió Teilifís Áine


Tógann an Meantán Gorm an nead léi féin, deirtear, gan mórán cúnaimh óna páirtí. Mar a fheicfidh sibh thuas, tá sí gnóthach, bail óna Cé uirthi, mar is iondúil lena hinscne.


Is léir go bhfuil tús maith curtha aici leis an jab, mar go bhfuil spás na neide le feiceáil i lár báire, sa ghrianghraf thuas: grianghraf a thóg mé ar maidin.


Deirtear go mbeidh a fhios againn gur gearr uainn breith na n-uibheacha nuair a bheas an nead líneáilte le cleití, fionnadh nó olla: rud nach bhfaca mé go dtí tráthnóna inniu, nuair a chonaic mé cleite nó dhó istigh sa teachín éan. Beidh le feiceáil...

3 comments:

Dennis King said...

Lá gréine atá ann freisin, bail ó dhia oraibh!

John said...

Tá an t-ádh dearg oraibh thuas i gCeann Scríbe. Éad an domhain orm, ach ag baint sult as an scéal is déanaí a léamh.

Ba chóir go mbeadh Neadíó Teilifís Áine le fáil ar TG4 i rith na hoíche. Sure, ní bhíonn éinne ag breathnú ar France 24 ;)

Mise Áine said...

@ Dennis

Níl an lá chomh grianmhar inniu, ach bhí aimsir álainn againn le trí lá anuas.

@ John

..:)