Friday, September 9, 2011

Focail Féilire

Tá fuath mar a bheadh aigéad ann; dófaidh sé d’anam agus maróidh sé thú sula bhfaighidh tú bás.

8 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

Maidrid sa gheimhreadh! Sin a deirtear faoi - seis meses de infierno, seis meses de invierno. Súil agam nach invierno a bhí ann le do linnse. Fáilte ar ais, a Áine-lina.

Dennis King said...

An ndeirtear ar an bhféilire cé a dúirt é sin?

Anonymous said...

An measa an fuath, meas tú, ná an tsleamchúis, nó an neamhshuim nó an leithleachas? An fuath ann féin, a fhad is nach spreagann sé duine chun gnímh, ní ghortaíonn sé ach an fuathaitheoir. Ach neamhshuim nó dímheas ar dhaoine eile, sin peaca thar na bearta, dar liom.

aonghus said...

Sin ciall an natha sílim - go ndéanfaidh fuath fíor dochar duit. Ach uabhar an ceann pheaca marfach!

Fuair mé nath eile ar Google agus mé ag cuardach an fhoinse:

Amhail aigéad fuath. Milleann sé an árthach ina gcoinnítear é chomh maith leis an rud ar a ndoirtear é. Luaite le Ann Landers.

Clúdaíonn sin an dá rud.

Mise Áine said...

@ Réaltán

Go raibh maith agat! Agus, bhí an ghrian ag scaladh ann, chuile lá..:-)

@ Dennis

Níl aon ainm luaite leis an gceann seo, ach is 'Hatred is like acid: it will eat into your soul and kill you before you die' an leagan Béarla atá scríofa ar an bhféilire.

@ 'An fuath ann féin, a fhad is nach spreagann sé duine chun gnímh, ní ghortaíonn sé ach an fuathaitheoir.'

Aontaím, a Sheáin, ach fiú gan aon ghníomh ag teacht ón bhfuathaitheoir, táim den bharúil go ndéanfadh fuath damáiste do dhuine ar bith a thabharfadh an fuath faoi deara, abair.

@ Aonghus

Chonaic mé an athfhriotal Béarla sin ó Ann Landers, ach ní raibh mé in ann theacht ar an leagan atá ar m'fhéilire.

Maidir le huabhar, is peaca é atá ag dul in uabhar le roinnt blianta anuas, shílfeá..:-(

Dennis King said...

Tá an teachtaireacht sin le fáil i gcéad véarsa an Dhammapada freisin.

aonghus said...

Maith agat as an leagan "dul in uabhar", ní raibh sé agam.

Is iomaí leagan den gaois & fhirinne sin ann! Mar a bheith-feá ag súil leis.

Mise Áine said...

Go deas, a Dennis..:-)

Fáilte romhat, a Aonghuis!