Sea, is mé atá ann, a léitheoirí, Mise Áine, agus mé beo beathach, ag blagáil liom, mar is iondúil liom, ón gcéad lá úd, ceithre bliana ó shin.
Ar ndóigh, bíonn sosanna agam anois is arís, díreach mar a tharla an mhí seo caite, mar shampla, agus mé ag fámaireacht liom, idir Maidrid agus Conamara, rud a d’fhág mo bhlag díomhaoin, ar feadh píosa. Aiféala orm faoi sin, a chairde, ach tuigeann sibh féin craic an tSamhraidh.
Ní raibh mé i bhfad as blag, cheap mé féin, mar sin samhlaígí an gheit a baineadh asam, ar m'fhilleadh dhom, nuair a chonaic mé an teideal ‘Blagadóireacht na Gaeilge, R.I.P.’ ar mhír Bhreandáin Delap in Beo!. Céard eile a cheapfadh bean ach go raibh mo chomhbhlagálaithe chomh brónach sin i m’uireasa, gur thit an tóin as an earnáil…le, ahem, cumha i mo dhiaidh, an dtuigeann sibh.
Ach, ní mar a shíltear a bítear, agus táim den bharúil nach raibh ann ach tuairimíocht iriseora ar na blaganna Gaeilge sin ‘ar fiú iad a léamh’. Céard is ‘fiú’ a léamh na laethanta seo, meas tú? Ceist mhaith, agus, an bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach táim den bharúil go luíonn freagra na ceiste sin libhse.
Deas bheith ar ais libh, a chairde.
1 comment:
Go deimhin.
Post a Comment