Friday, September 9, 2011

9/11

Inniu, tá na tubaistí uafásacha a tharla ar an lá sin, deich mbliana ó shin, i mo smaointe.

Cuimhním, le brón, orthu siúd a fuair bás, agus orthu siúd a gortaíodh nó a goineadh, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, de thoradh na ngníomhartha millteanacha sin.

3 comments:

aonghus said...

Dé Domhnaigh an Lá cinn bliana - chuir tú mearbhall ar feadh meandar orm.

Ach aontaím leis an smaoineamh!

Dubhaltach said...

Cuimhním faoin milliún duine, nó níos mó!, a fuair bás le gníomhartha agus lámh láidir fhuilteach na bPoncán san Afganastáin agus san Iaráic de bharr freagra gan chiall a rialtais lofa.

Mise Áine said...

Aiféala orm faoi sin, a Aonghuis, ach is ar maidin a bhuail na smaointe mé, agus is dá bhrí sin a scríobh mé mo mhír.