Friday, July 15, 2011

Mise Áine, an Hipí

Tá sé de nós agam, go hiondúil, an taobh dearfach de dhrochscéal a fheiceáil, má fhéadaim é ar chor ar bith. Dá dtitfinn, mar shampla, shamhlóinn go raibh an t-ádh orm nár bhris mé mo chois, abair, fiú dá mbeinn i bpian, le gach ball díom brúite.

Pé scéal é, maidin amháin, bhí An Pluiméir ina shuí liom sa chistin, níl sé i bhfad ó shin. Bhí sé ag géarú ar a chosa go mífhoighneach, mar go raibh, dar leis, ‘a full hour of my working day wasted, waiting here for that delivery!’

Bhí an fear bocht gnóthach, an dtuigeann sibh, le lá fada oibre roimhe, ach bhí air fanacht thart go dtiocfadh an veain seachadta le cibé ábhar oibre a bhí ordaithe aige don lá sin. Faoin am sin, bhí an veain chéanna uair a chloig mall, agus ní raibh fear na gcos mífhoighnigh pioc sásta faoin moill sin.

‘Look at it this way…’, a thosaigh mé féin a rá, mé ar tí rud éigin dearfach ar nós ‘…the delay means you got to spend some unexpected quality time with your mother…’  a roinnt leis, ach ní raibh deis agam. Thug sé mo dhreach dearfach faoi deara, agus sula raibh faill agam an abairt a chríochnú, thosaigh sé ag magadh fúm, agus dúirt,

‘Oh, oh…here comes the hippie chat!’

Is cosúil, a léitheoirí, gur hipí atá ionam, i ngan fhios dom féin. Agus, an bhfuil a fhios agaibh céard a chiallaíonn an focal sin ‘hipí’?

Dar leo anseo, ciallaíonn séone who is aware.’  An gá dom a thuilleadh a rá…

5 comments:

Dennis King said...

“Flower child” i bhfocail eile. Leanbh na mbláthanna? Páiste plúrach? Mac blátha?

ormondo said...
This comment has been removed by the author.
ormondo said...

Bláithín?

Cé gur fhásamar aníos faoi anáil ghluaiseacht na hipithe sna seascaidí, ní dóigh liom gur hipí ceart a bheadh i nduine a rugadh ní ba dhéanaí ná 1955, cuir i gcás.

Dennis King said...

Is múinte an duine é an Pluiméir, pé scéal é. Bheinn ag súil le “crap” nó “shit” in áit “chat” ó fhear óg anseo...
;-)

Mise Áine said...

Aiféala orm faoin moill ag teacht ar ais chugaibh, a fheara, ach táim i gConamara ó inné, gan fáil agam ar an idirlíon, ach anois is arís.

@ páiste plúrach @ crap nó shit

..:-)

@ ní dóigh liom gur hipí ceart a bheadh i nduine a rugadh ní ba dhéanaí ná 1955

An t-ádh liom, mar sin, a Fhearghuis - ar éigean!