Thursday, July 14, 2011

Lá Dorcha Eile

Mar a léigh mé ar nuacht24 ar maidin, is cosúil gur ‘lá dorcha eile i Stair na hEaglaise Chaitlicigh in Éirinn ’ a thug an Cairdinéal Seán Brady ar thorthaí Thuarascáil Chluana inné.  

Go deimhin, más fíor gur mhol ‘seasamh na Vatacáine’ do na heaspaig  neamhiontas a dhéanamh de na treoirlínte nua dá mbeadh fonn orthu’, cheapfá nach é leas na bpáistí, ná leas na bparóisteach, an chloch ba mhó ar phaidrín na Vatacáine agus an méid sin á rá acu.

Arís is arís eile, tá laethanta dorcha ag teacht sa mhullach orainn sa tír seo, agus, arís is arís eile, is é an gnáthdhuine atá ag íoc go daor as míghníomhartha na ndaoine sin atá in ainm bheith i mbun dea-oibre ar ár son, idir rialtas agus eaglais.     

Mar gheall ar na laeathanta dorcha sin uilig, a léitheoirí, roinnim mo dhán ‘Éire 2011’ anseo libh inniu.

Éire 2011

Níor iarr Teachta ná Tiarna mo dhán,
níor íoc Iarla ná Rí ar mo pheann,
ach Oileán na Sainte ‘s na mBréag
a chum Éire Dhá Mhíle hAon Déag.

Na Fianna ag marcaíocht go seoigh,
lena gcomhluadar giollaí ón Róimh,
lucht eaglaise is rialtais gan chóir,
ag réabadh ár gcine is ár bpóir.

Ba chuma leo stair mílte bliain,
gach fulaingt, gach ionradh, gach pian,
tá an Flaitheas a gealladh ar shiúl,
le gach breab, le gach bréag agus dúil.

Níor iarr Teachta ná Tiarna mo dhán,
níor íoc Iarla ná Rí ar mo pheann,
ach Oileán na Sainte ‘s na mBréag
a chum Éire Dhá Mhíle hAon Déag.

11 comments:

aonghus said...

Go deas; seachas nach bhfuil na Flaitheas imithe ainneoin peacaí an chléir, arís eile.

Sagart óir agus cailísí crainn
A bhí le linn Phádraig in Éirinn;
ach sagairt chrainn agus cailísí óir
I ndeireadh an domhain dearóil.

Oilivéar Naofa Pluincéad


Tiocfaidh muid as. Arís.

Mise Áine said...

Tá níos mó na míniú amháin ag flaitheas, a Aonghuis...;-)

aonghus said...

Ó cinnte tá. Is ar "na Flaithis" a bhíos ag smaoineamh gan amhras. Ach níl an flaitheas sin imithe ach chomh beag, seachas gur scaoil muid as ár seilbh é. Fúinn atá sé é ghlacadh arís. Gan tarbh feis.

Mise Áine said...

@ Gan tarbh feis - sin nath nach bhfuil agam, a Aonghuis?

An bhfuil a fhios agat céard é féin, a Aonghuis, ach bhí mé ag éisteacht le Monsignor Denis O' Callaghan ag labhairt ar an nuacht ansin ní ba luaithe, agus más rud go bhfuil sibh ag brath ar a leithéidsean le sibh a thabhairt slán as an bpraiseach seo, bhuel, níl a fhios agam céard atá romhaibh, a chara.

aonghus said...

Ba mhaith liom an fear sin a fheiscint ós comhair cúirte. Loic sé ar na leanaí agus ar an Eaglais.

Don teagasc mo dhílseacht; agus i Críost mo mhuinín, ní ina leithéidí siúd.

Maidir le Tarbh Feis: féach anseo

Mise Áine said...

@ ní ina leithéidí siúd.

Tuigim do chás!

@ 'Tarbh Feis'

Suimiúil, go raibh maith agat.

ormondo said...

Is maith liom do dhán, an-bhainteach faraor.

Tá ceist ró-shimplí agam: cén fáth nár cuireadh an dlí ar dhéantóirí na coire agus a gcúlpháirtithe an chéad lá riamh? Nó ar an dara lá? Nó ar an tríú lá?

Nach é sin an rud a tharlaíonn de ghnáth i stát atá in ainm a bheith ina stát faoi réir an dlí?

Nó an raibh díolúintí éigin eile ag an gcléir ón stát - i gcúrsaí dúnmharaithe, mar shampla - sa chaoi chéann mar a bhí maidir le éigniú páistí?

aonghus said...

An rud a chuireann mearbhall ormsa, agus ceist nár chuala mé á chíoradh, ná tuige nár imigh teaghlaigh na híospartaigh go dtí na Gardaí iad féin, seachas go dtí an chléir? Ar a dhéanaí nuair nach bhfuair siad sásamh?

Cé gur Caitliceach Rómhánach dílis mise, dá mbeadh fianaise agam is go dtí na Gardaí a rachainn ar dtúis, agus ina dhiaidh sin go dtí na hEaspaig.

ormondo said...

"...tuige nár imigh teaghlaigh na híospartaigh go dtí na Gardaí iad féin, seachas go dtí an chléir? Ar a dhéanaí nuair nach bhfuair siad sásamh?"

Ceist an-mhaith í sin - agus déarfainn go bhfuil an freagra an-ghar do fhíorchroílár na faidhbe.

Is deacair a ró-umhlaíocht a thógáil ar na Gardaí agus na h-údaráis uile más é nach raibh de mhisneach ag éinne eile ná an pobal trí chéile - ná fiú amháin teaghlaigh na n-íospartach, cuir i gcás - geis fhorlámhas na h-eaglaise a shárú.

John said...

Maith thú, a Áine.

Mise Áine said...

Ceisteanna maithe uilig, a fheara, agus níl na freagraí agamsa, faraor. Tá go leor nach dtuigim faoin méid atá cloiste agam ón tuarastal seo, ach tuigim an méid seo - is iad na páistí a bhí thíos leis an neamhaird uilig, na créatúir.

@ Is maith liom do dhán,
@ Maith thú

Go raibh maith agaibh..:-)