Thursday, June 9, 2011

Nathanna Cainte


Ó tharla go bhfuil a fhios ag daoine ar m’aithne go mbím ag cuardach nathanna cainte dúchasacha, is minic na daoine sin réidh, nuair a chastar orm iad, le nath cainte nó dhó a roinnt liom.

Ar ndóigh, ar chloisteáil nath cainte nua dom, roinnim é le cainteoirí dúchasacha eile ar m’aithne, le go bhfeice mé an bhfuil an nath cainte sin acusan, nó ceann cosúil leis, abair. Suimiúil go leor, d’fhéadfadh trí nó ceithre leagan den nath céanna a bheith ann.

Tóg, mar shampla, na leaganacha éagsúla a chuala mé, le déanaí, agus an nath ‘up at the crack of dawn’ á phlé agam le cainteoirí dúchasacha…chuala mé ‘ina shuí le glaoch coiligh/glaoch na coiligh/glaoch na gcoileach/glaoch an choiligh’, gan trácht ar ‘ina shuí le scairt mhaidine’, ‘ina shuí le maidneachan lae’,  ‘ina shuí leis an maidneachan’, ‘ina shuí sula raibh solas lae ann’, nó ‘ina shuí leis an ngrian’.

Bhí giota craice agam leis an gceann ‘ina shuí le cac seabhac’, mar táthar ann a cheapann gur ‘ina shuí le cock shout’ atá ann, agus nach bhfuil sa ‘cac seabhac’ sin ach, mar a tharla sna cásanna seo, abair, nach bhfuil ann ach egghornmalapropism, b’fhéidir.

Hmmm…an bhfuil aon duine agaibh ar an eolas faoi, ahem, luailí coirp an tseabhaic…

8 comments:

Dennis King said...

Scríobhfaidh mé "ina shuí le glaoch an choiligh" i mo leabhrán beag... agus níos tábhachtaí fós, tabharfaidh iarracht ar úsáid a bhaint as. Ní dóigh liom go mbeidh sé sin ró-dheacair ag an am seo bliana: bím i mo shuí le ceiliúr na n-éan i gcónaí sa samhradh, de mo dheoin nó de m'ainneoin.

aonghus said...

Níl coileach i ngiorracht scread asail de mo leaba, mar sin is i mo shuí leis an maidneachain a bheidh mé - agus roimhe sa Gheimhreadh.

Maidir le cac seabhaic, sílim gur eggcorn atá ann cinnte.

Chím mífheilteachas ag focal ar malapropism, ach gan faic acu ar eggcorn. Cá bhíos nach mbeadh 'cac seabhaic' oiriúnach mar théarma dhó? Ach, gan amhras, go bhfuil an trasteangachas i gceist. Caithfidh sé go bhfuil téarma dá leithéidí - cé nach ritheann sampla sa Bhéarla liom anois, tá'd ann - Fraincis béarlaithe abair.

Mise Áine said...

Chaill mé mo cheangal idirlín aréir, sula raibh deis agam an grianghraf thuas a uaslódáil - ceann a thóg mé agus mé thiar 'sa mbaile' le déanaí.:-)

@ bím i mo shuí le ceiliúr na n-éan

Bímse i mo dhúiseacht leo, a Dennis!

Dála an scéil, dúirt an bhean ba shine lenar labhair mé gur 'glaoch na gcoileach' a chuala sí féin riamh, í den bharúil go mbeadh níos mó na coileach amháin ag glaoch, is dóigh liom.

@ Aonghus

Níl coileach in aice liomsa anseo i gCeann Scríbe, ach an oiread, ach tá siad le cloisteáil thiar, go deimhin.

Táim den bharúil go bhféadfá bheith ceart faoin 'trasteangachas' sin, a chara...:-)

John said...

Ní minic a bhím i mo shuí le glaoch coiligh, ach anois is arís téim a luí le glaoch coiligh! B'fhearr liomsa i bhfad na laethanta sin ;)

ormondo said...

"I mo shuí le gníomhachtú ama réamhchláraithe aláram mo ghutháin phóca" an leagan a bheadh agam.

Ar uaire, is fileata saol na tuaithe ná saol na cathrach.

Mise Áine said...

@ John

Tuigim do chás..;-)

@ Ormondo

ASG! Leagan dúchasach eile againn anois...:-)

Proinsias Mac a' Bhaird said...

'I mo shuí le bodhránacht an lae', an ceann is fearr liomsa... ach tá ceann Ormondo ag fás orm!

Mise Áine said...

Is maith liom an nath sin uait, a Phroinsias...:-)