Sunday, June 12, 2011

Carnán Ag Fás

Go sábháiltear sinn, a léitheoirí, ach táim den bharúil nach féidir mé a ligean i bhfoisceacht mhíle de shiopa leabhar, nó rachaidh mé isteach ann le lámha folmha agus pócaí lána, agus fágfaidh mé é le lámha lána agus pócaí folmha.

I mBaile Átha Cliath le déanaí, mheall Easons isteach mé, agus cheannaigh mé an leabhar nua Sunday Miscellany…a selection from 2006-2008. Taitníonn an clár raidió go mór liom agus, anois, beidh deis agam na scéalta a léamh ar mo chaoithiúlacht.

I mBarra an Teampaill, chuaigh mé isteach i gConnolly Books, áit inar cheannaigh mé cúig leabhar eile, leabhair réchaite, ina measc Sunday Miscellany eile, an duanaire a tháinig amach i 2004, cóip d’Irisleabhar Mhá Nuad, ón mbliain 1981, an leabhar Téacs agus Comhthéacs, chomh maith le dhá leabhar eile as Béarla. Fuair mé na cúig leabhar sin ar €10 - ‘ardaigh orm’ gan dabht!

Ar ndóigh, ní féidir lá nó dhó a chaitheamh i gCathair na Gaillimhe, mar a rinne mé féin agus é féin an tseachtain seo caite, gan, ahem, am a chaitheamh istigh i siopa leabhar Charlie Byrne’s. Tháinig mé amach as le dhá leabhar nua, agus le dhá leabhar réchaite: John Boyle O’Reilly agus An Glór Gael-Mheiriceánach (€7) agus Seoda i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann (€10).
Níl a fhios agam cén uair a léifear na leabhair uilig atá ceannaithe agam thar na blianta, ach is maith liom iad a bheith agam, an dtuigeann sibh. Tá alt nó dhó léite agam as gach ceann acu, agus beidh siad ar an tseilf, ag fanacht liom, má bhíonn uaim tuilleadh a léamh astu; rud a dhéanaim go rialta, go deimhin.    

As seo amach, caithfidh mé na diabhal siopaí sin a sheachaint. Níl mórán spáis fágtha ar na seilfeanna agam…

5 comments:

Seán Mór said...

Mo dhálta féin, a Áine, mo dhálta féin! Nuair a théann muidne 'ag siopadóireacht', fágann Gina mé sna Siopaí Leabhar le mé a choinneáil as a bealach. Is breá liom leabhair a cheannacht, agus iad a léamh ina ngiotaí is ina ngiotaí....

ormondo said...

"Níl a fhios agam cén uair a léifear na leabhair uilig atá ceannaithe agam thar na blianta, ach is maith liom iad a bheith agam, an dtuigeann sibh."

Agus nach mé a thuigeann! Tráth den saol, dhéanainn leabhar a cheannach agus a léamh, é a chríochnú. Ansin cheannaínn an chéad leabhar eile.

Tá an ré sin thart le fada an lá. Feictear domanois gur mó bailitheoir leabhar mé ná léitheoir. Ach tá giotaí beaga léite agam as gach ceann acu.

Réaltán Ní Leannáin said...

oícheanta geala an tsamhraidh amuigh, oícheanta dorcha an gheimhridh istigh - beidh neart ama romhat leis na leabhair a léamh! Chríochnaigh mé Mac an Bhaird, anois tá Heusaff le léamh agam, a bhuíochas le cuairt ar an siopa leabhair i Sráid Fhearchair.:-)

Dennis King said...

Insliú maith atá iontu má charntar i gceart iad in aghaidh an bhalla, ón urlár aníos go dtí an tsíleáil.
;-)

Mise Áine said...

@ le mé a choinneáil as a bealach

Bean chliste í Gina, a Sheáin..:-)

@ gur mó bailitheoir leabhar mé ná léitheoir

Tuigim do chás, a chara!

@ Mac an Bhaird

Tá a leabhar 'Faigh Greim Ar An Ghrian' agam taobh na leapa, agus léim as anois is arís, a Réaltán. Léigh mé a dán 'Gasúr ag an Reilg' arú aréir agus tá sé álainn amach is amach mar dhán. Tallann ag an bhfear sin, gan dabht...

@ Insliú maith atá iontu

ASG! Déanfaidh mé é sin, a Dennis...:-)