Saturday, June 25, 2011

Dathanna Mealltacha

Bhí mé ag éisteacht le clár John Murray Dé Máirt seo caite, agus bhí sé ag caint le hiarchéimithe, faoina dtograí tráchtais éagsúla.

Tharraing togra Amy-Jane Troy m’aird ina threo. Bhí sí ag labhairt faoin tionchar atá ag dathanna ar mheon an chustaiméara – The Role of Packaging and Novel Healthy Food Acceptance teideal an tráchtais, más buan mo chuimhne.  

Ar aon nós, dar léi, is iad na príomhdhathanna atá in úsáid ar chlúdaigh aráin, mar shampla, ná buí agus dearg; meallann an dath buí an ceannaitheoir mar go gcuireann sé 'úire' agus 'an ghrian' i gcuimhne dó, agus cuireann an dath dearg an rud 'blasta' atá ‘te as an oigeann’ i gcuimhne don chustaiméir.

Tháinig mé ar an staidéar seo How to Use Colour in Food Packaging le Rob Kaszubowski, agus chuirfeadh sé iontas ort an chaoi ina dtéann dathanna i bhfeidhm ar dhuine, a léitheoir. Tá tuilleadh le rá aigesean faoi na dathanna buí agus dearg:

‘Yellow is the fastest color the brain processes, and therefore is usually a good attention getter. It is also an appetite stimulant and tends to make people feel cheerful and optimistic…Red tends to make people feel excited, full of energy, and can actually increase the heart rate. Like yellow, red is also an appetite stimulant.

Agus é ag plé le Examples of how Colors Differ in Different Cultures, scríobh sé,

‘…if companies used American flag graphics on their disposable packaging. Most people probably wouldn’t buy the product because they wouldn’t want to throw the American flag, or its image, away.’

Meas tú an mbeadh a leithéid de rud fíor sa tír seo? An bhfuil ag éirí go maith leis an Q Mark, meas tú?

Hmmm…

5 comments:

Dennis King said...

Is álaind cech nderg!
:-)

aonghus said...

Ceist mhaith. (Agus rann feiliúnach Dennis. Gach seans go scaipfead ar twitter é!)

Mise Áine said...

@ is faill cech n-aichnid

Is aoibhinn liom an líne sin thuas, as oideam Emer, a Dennis, agus maidir le 'Dá mbeadh mil bheach rófhairsing bheadh boladh bréan aisti', cuireann sé 'familiarity breeds comtempt', i gcuimhne dom.

Dennis King said...

Tá dlúthbhaint idir na focail a chiallaíonn “dearg" agus “álainn” sa Rúisis agus sna teangacha Slávacha eile. Féach seo ón mBBC.

Mise Áine said...

Suimiúil. Go raibh maith agat, a Dennis.