Friday, June 24, 2011

Focail Féilire


'Níl san éagsúlacht ach cliseadh ar an gcoitiantacht.'

Níl ansin thuas ach mo leagan Gaeilge féin den athfhriotal a léigh mé ar bhileog m'fhéilire inné:

 'Originality consists in trying to be like everybody else – and failing.'

Táim breá sásta bhur leaganacha féin, nó aon leagan eile, den athfhriotal a fheiceáil, a léitheoirí, más mian libh iad a roinnt liom anseo.

Mo chuimhne, agus ar fhaitíos suim agaibh san ábhar, dar leis an bhféilire céanna, ar an 23 Meitheamh,1996, tháinig an 'Nintendo 64 video game system' ar an bhfód sa tSeapáin.

No comments: