Sunday, June 26, 2011

Gadaí Bradach

Ar maidin, tar éis mo bhricfeasta, agus ag brath ar mo ghiúmar, téim isteach san oifig, le mo ríomhphoist a léamh, nó le giota scríbhneoireachta a dhéanamh, b’fhéidir.

Itheann Sióg a bhricfeasta ag an am céanna liomsa. Go hiondúil, bíonn sé réidh romham, agus suíonn sé ar an mata sa chistin, ag fanacht go mbeidh mise réidh freisin. Cibé áit a dtéim sa teach ina dhiaidh sin, leanann sé mé.

Ní maith leis nuair a fheiceann sé mé i mo shuí ag an ríomhaire. B’fhearr leis go mbeinn ag spraoi leisean, an dtuigeann sibh.  Nuair a thosaím ag clóscríobh, déanann sé chuile iarracht mé a stopadh. Tá dhá eochair bainte den mhéarchlár aige cheana féin, iad sciobtha leis aige nuair nár éirigh leis greim a fháil ar mo mhéara.

Ar maidin, díreach sular thóg mé an grianghraf thuas, bhí a chloigeann sínte ar an méarchlár aige, fios maith aige nach mbeinn in ann a dhath a scríobh, a fhad is go raibh a chloigeann sínte ansin aige. Bhuel, sin mo bharúil, pé scéal é - deacair a rá céard atá ag dul ar aghaidh i gcloigeann an chait sin, ach ní raibh baol orm mo mhéara a chur i gcontúirt, mar sin d’éirigh mé, le mo cheamara a fháil.

Agus breathnaígí ar an straois atá ar an mboc, a léitheoirí - táim cinnte go bhfuil an gadaí bradach ag magadh fúm!

4 comments:

aonghus said...

Bhuel deirtear san faoi na cait, nach úinéirí ach daoir a bhíonn acu!

Mise Áine said...

Ráiteas atá fíor..:-)

Néidí said...

Ar a laghad ní bhíonn sé ina shuí air ach taobh leis!

Mise Áine said...

Déanann sé iarracht, go mion minic, suí ar an ríomhaire, a Néidí, ach d'éirígh liom, go dtí seo, é a stopadh in am.