Thursday, May 12, 2011

Feachtas Nua an I.S.P.C.C

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le clár Pat Kenny ar maidin, agus bhí sé ag labhairt faoi fheachtas nua an I.S.P.C.C., I Can’t Wait Until I Grow Up, feachtas ar a bhfuil aird nach beag, agus raic faoin bhfíseán, dírithe i láthair na huaire. (Fainic uaim, agus nasc chuig an bhfíseán, ag bun na blagmhíre seo.)

Ní raibh an físeán feicthe agam, ach chuir Pat an fuaimrian ar fáil don lucht éisteachta. Ansin, thosaigh sé ag caint le ball den I.S.P.C.C. fear a chreideann go bhfuil gá leis an bhfíseán, agus le síceolaí páistí, fear nach n-aontaíonn go hiomlán leis an bhfíseán, ceapaim.

Leis an fhírinne a rá, a léitheoirí, bhain an fuaimrian siar asam, agus thóg sé am orm teacht chugam féin, mar sin chaill mé cuid den chomhrá eatarthu. Ach, níor chaill mé na teachtaireachtaí éagsúla a tháinig isteach ó na héisteoirí eile ina dhiaidh sin, agus bhí an dá thaobh den scéal le cloisteáil uatha.

Tá daoine ann a chreideann go bhfuil gá lena leithéid d’fhíseán, le haird a tharraingt ar mhí-úsáid, agus, is dócha, ar chearta an linbh, ach, tá daoine eile ann, daoine nach n-aontaíonn leis an gcineál fógraíochta sin, ar chor ar bith.

Bhíothas ann, íospartaigh a chuir glaoch nó téacs isteach chuig an gclár, ag rá gur ghoin an fuaimrian/físeán iad, mar nach raibh siad ag súil leis; go dteastaíonn ‘fainic’ roimhe, nó leis. Gan an fhainic sin, ní bhíonn deis acu é a sheachaint, dá mba mhian leo, agus tagann a gcuimhní cinn féin aniar aduaidh orthu; mothaíonn siad pian a mí-úsáide féin, ón am a caitheadh, ag teacht sa mullach orthu arís.

Mar sin, seo m’fhainic chugaibh, a léitheoirí – más mian libh an físeán a fheiceáil, is féidir libh é sin a dhéanamh anseo. Mura mian, ná téigí in aice leis an nasc sin.

Níl raibh sé éasca ormsa, mar thuismitheoir, an fuaimrian a chloisteáil ar maidin, gan trácht ar an bhfíseán a fheiceáil, ach bhreathnaigh mé air, mar sin féin. Faraor, ach tharla, agus tarlaíonn, a leithéid de mhí-úsáid, go laethúil. Na páistí bochta…

Is féidir tacaíocht a thabhairt don I.S.P.C.C anseo.

6 comments:

aonghus said...

Ceist ana dheacair. (Níl mé chun amharc air) Conas, mar thuiste, cabhrú le do leanbh iad féin a choinneáil slán - gan a saontacht a scrios gan gá.

Mise Áine said...

Deacair a rá, a Aonghuis.

Mise Áine said...

Mo chuimhne, a Aonghuis, is aisteoirí atá ar an bhfíseán.

Fiú agus an t-eolas sin agamsa roimh ré, agus roimh an fuaimrian, bhain an 'réalachas' stad asam leis an úafás a mhothaigh mé, mar thuismitheoir, go bhféadfadh a leithéid tarlú do pháiste ar bith. Ach, faraor, tarlaíonn...

aonghus said...

Tarlaíonn cinnte.

Fós féin ní dóigh liom go mbeadh an goile agam éisteacht leis.

ormondo said...

D'éist mé leis agus d'fhéach mé air.

Teiripe turrainge na réadúlachta? An pobal a mhúscailt agus scáthán a chur os comhair na ndaoine a thugann drochíde dá bpáistí? Dá gcuideodh a leithéid leis na híospartaigh, bheadh sé inchosanta, is dócha.

Nach bhfuil an baol ann, áfach, go gcuirfeadh sé imní ar pháistí nach dtugtar drochíde dóibh? Go gcaillfidís a muinín i ndaoine fásta?

Mise Áine said...

GML: roimh an bhfuaimrian

@ Aonghus

Tuigim do chás, a chara.

@ 'Go gcaillfidís a muinín i ndaoine fásta?'

Bheadh súil agam go mbeadh a dtuismitheoirí in ann iad a choinneáil slán ón gcontúirt sin, agus ó chuile chontúirt eile, a Fhearghuis.