Wednesday, May 11, 2011

Cá nDeachaigh Siad?

Le mí anuas, táim ag coinneáil súil ghéar ar an gcrann silíní thuas, ag breathnú ar na bláthanna ag fás…

…ag fanacht go mbeadh an crann lán le bláthanna, le go mbeinn in ann grianghraf a thógáil de na bláthanna ag eitilt leo, ar an gcéad lá gaofar a thiocfadh..

...ach tháinig lá na gaoithe, i ngan fhios dom, agus fágadh mé leis an gceist,

‘Cá ndeachaigh na bláthanna?’

Rith an smaoineamh liom ar maidin, ar fheiceáil an chrainn nocht dom, a bhláthanna uilig bailithe leo, gur ionann an scéal lenár bpáistí, ar bhealach: cuirtear síol, bíonn siad faoi bhláth faoi choimirce ár ngrá, coinnítear iad ar chúl na gaoithe agus iad ag fás aníos, ach, ansin, lá amháin, i ngan fhios dúinn, shílfeá, imíonn siad, agus fágtar sinn leis an gceist,

‘Cá ndeachaigh na blianta?’  

5 comments:

stwidgie said...

Is fíor é sin, gan dabht.

ormondo said...

Is breá liom na crainn silíní ach ní bhíonn siad faoi bhláth ach ar feadh tréimhse gairide. Is é an dála céanna ag an magnóilia, ach tá an crann sin níos "measa" fós ó thaobh giorra saoil na mbláthanna de.

Is é an cumha luath an praghas a íoctar as an áilleacht sin. Is mar an céanna é i gcás na bpáistí, is dócha.

Ruairi said...

ar nós na bhfear. Anseo inniu, droim tiompaithe,iad imithe!

John M O Donoghue said...

Aontaoim leat Áine faoi na páistí. Bíonn siad anseo agus páirt mhór agat ina saoil agus i bhfaitheach na súl imithe.Ach ó thaobh na páistí tarlaionn an rud cheanna faoi na tuismitheoirí, anseo seal agus ansin imithe.Fuaireas cuireadh do cheiliúradh daichead bhliana ó bhuaigh foireann Gleann Fléisce Craobh Sóisear Condae Chiarraí 1970 mar bhí mé mar bhall den fhoireann. Is cuimhin liom an óiche céiliúradh a bhí againn in Óstán Ghleann an Fhiolar i g Cill Árne 1970 ag an Coisir Bhliantúil nuair a fuaireamar ár mboinn.Cé go raibh mo mhathair tinn i gconaí rinne sí iarracht mhór dul go dtí an cóisir sin mar gurbh é an chead bhú súntasach a bhi ag ár gclub. Bhí an-óiche ag mo thuismitheoirí mar bhí ionadh ar m`athair gur chuaigh mo mháthair ann in aon chor.Tá mé ag freastal ar an ócáid oíche De hAoine ach braithfidh mé uaim mo thuismitheoirí, cár chuaigh na bhlianta, daichead bhliana !!!!

Mise Áine said...

Táim den bharúil, a Ruairí, go bhfuil bean nó dhó ann a bheadh breá ábalta é sin a dhéanamh, freisin!

Tá an ceart agat, a John M., mar is minic na tuismitheoirí iad féin imithe uainn i bhfaiteadh na súl.

Nach álainn do chuimhní cinn! Táim cinnte go mbeidh do thuismitheoirí leat, ar bhealach eile, Dé hAoine, a chara. Bain sult as an oíche, agus as an gceiliúradh...:-)