Sunday, January 23, 2011

Liombó


Glasghála eile. Glasaigh sa chúlra. Géaga gearrtha. Rialtas i liombó.

7 comments:

Dennis King said...

Ní fada an fanacht anois go dtí an chéad olltoghchán eile. Cén céatadán de na TDanna a bheas ag FF ina dhiaidh sin?

Dála an scéil, nach aisteach an rud é go bhfuil dhá iolra ann: Teacht Dála, agus TDanna.

aonghus said...

Liombó? Ní hea, ach Purgadóir dúinne! Nó Ifreann, fiú - tá an fanacht seo ar olltoghchán cosúil leis an pionós a ghearradh ar Tantalus!

Mise Áine said...

@ 'Cén céatadán de na TDanna a bheas ag FF ina dhiaidh sin?'

Léigh mé, i gceann de na nuachtáin inniu, go bhféadfadh leo 11 suíochán a fháil, nó 20 suíochán a fháil, má éiríonn leo 14% de chéadrogha vótaí a fháil. Tá 70 suíochán acu anois, chomh fada agus is eol dom. Tá 166 suíochán sa Dáil, creidim.

Maidir leis na hiolraí sin, a Dennis, tá siad suimiúil. Cá bhfuair tú na 'TDanna' sin - bhfuil údarás ag iolra mar é - 'anna' ar shála cinnlitreacha - in aon áit?

@ Aonghus

ASG! Bhfuil muidne ag íoc as an 'ambrosia and nectar' anois, meas tú?

aonghus said...

Tá. Agus is fíor bheagán más cuid ar bith de a bhlais muid.

Tá guí deas ag Dennis ar a shuíomh don dream a d'fhág san áit seo muid:

Gurab écen mér dot múnad in airecht.

Go raibh an dream ar fad bailithe loe as an gcéad oireachtas eile!

ormondo said...

Nach bhfuil Éamó an-ghníomhach faoi láthair agus é ní hamháin ina Aire Coimirce Sóisialaí ach in Aire Cosanta agus ina Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Achmhainní Nádúrtha san áireamh.

Agus má fhéachann tú ar an gcomhaireacht trí chéíle (ní trína chéile!) tá níos mó na dhá aireacht ag gach aire i láthair na huaire!

Conas mar a thuill an tír a leithéid de laoich?

Agus má éiríonn gach aire eile as a phost, beidh go fiú cúig aireacht déag ag An Comhanach.
Bullaí fir!

Dennis King said...

Cá bhfuair tú na 'TDanna' sin

Níl a fhios agam. Tháinig sé amach agus mé ag scríobh. Rinne mé cuardach Google leis ansin agus chonaic mé gur bhain daoine eile feidhm as. Ní féidir TDí a rá ar aon nós!
;-)

Mise Áine said...

@ Aonghus

Guí mhaith, dá n-oibreodh sé!

@ 'Conas mar a thuill an tír a leithéid de laoich?'

An freagra ag Barroso, b'fhéidir?

@ 'chonaic mé gur bhain daoine eile feidhm as'

San áit chéanna a bhfaighim féin údarás go mion minic! ;-)