Friday, January 21, 2011

Greannmhaireacht

Am lóin a bhí ann. Inné. Bhí mé tuirseach. Tinn tuirseach de bheith ag éisteacht le geáitsí na Dála ar an raidió; Brian, Enda, Éamon, agus Caoimhghín ag imirt cluiche fichille de shaghas éigin, ar urlár na Dála; cluiche nach dtuigim, leath den am, leis an bhfírinne a rá.

Go deimhin, táim den bharúil nach dtuigeann siad féin céard atá ag tarlú. Ní hé an scéal céanna atá ag teacht ó aon pháirtí, agus an scéal sin níos measa inniu, feictear dom. Pé scéal é, ar ais linn go dtí inné, agus mo thuras ó bhun go barr.  

Bhí mo chloigeann bocht cráite. Thuig mé cén fáth ar imigh Micheál, ceapaim, cé nár imigh sé nuair ba chóir, shílfeá, ach, cén fáth ar imigh Mary, Dermot, Noel, Tony agus Batt? Agus, cá raibh An Comhaontas Glas? An raibh siad ag sulcáil? An raibh siad ag seitríl?

Shúil mé isteach sa seomra leapa thuas staighre, agus sheas mé ag an bhfuinneog. Bhí uaim áilleacht na gréine agus na habhann a shú isteach trí mo shúile, an dtuigeann sibh, le nach mbeadh a thuilleadh áite, i mo chloigeann, do gheáitsí na Dála.

Is i mo sheasamh ansin a bhí mé, ag breathnú síos ar an abhainn, nuair a chonaic mé iad. Bhí siad ag siúl, go mall réidh, i dtreo an droichid; beirt scoláirí ó mheánscoil áitiúil, iad i ngreim láimhe, iad i súilín seirce, shílfeá.

Bhí ceathrar eile, beirt chailíní, agus beirt bhuachaillí, cairde na leannán, ag siúl, go  mall réidh, ina ndiaidh.  Stop na leannáin ar an droichead. Stop an ceathrar cairde, freisin, agus sheasadar ansin, ag labhairt lena chéile, ag breathnú chuile áit ach ar an mbeirt rompu, a bhí ag pógadh.

Chríochnaigh an phóg. Scaoileadh leis an ngreim láimhe. Tháinig an seisear le chéile, ach  níor labhair aon duine. Shiúil an triúr cailíní i dtreo amháin, agus shiúil an triúr buachaillí i dtreo eile.  Ní raibh sulcáil ná seitríl ó aon duine. Ní raibh sa radharc romham ach aoibhneas álainn an óige.

Gura fada buan a n-aoibhneas croí.

3 comments:

aonghus said...

Áiméan. Agus nára an bád bán atá rompu.

ormondo said...

Dé réir dealraimh, ní hí todhchaí na ndaoine óga siúd an chloch is mó ar phaidrín an rialtais.

Tá an duine atá in ainm a bheith ina Thaoiseach imithe go hiomlán as a chranna cumhachta.

Is amhlaidh go bhfuil sainmhíniú nua bronnta ar an nath "bheith as a mheabhair".

Ní dóigh liom go mbeidh seans ag aon TD ag an olltoghchán nár chuir ina choinne sna laethanta beaga - agus ní cóir go mbeidh.

Mise Áine said...

Áiméan eile, a Aonghuis.

@ 'Ní dóigh liom go mbeidh seans ag aon TD ag an olltoghchán nár chuir ina choinne sna laethanta beaga'

Beidh le feiceáil, a Ormondo - go luath!