Monday, January 24, 2011

As Alt, As Ord

Ní hamháin go gceapann an láithreoir spóirt Andy Gray nach dtuigeann bean ar bith ‘the offside rule’, ach tá a dhrochmheas maidir le mná ar láthair na himeartha, agus drochmheas a chomhghleacaí, Richard Keys, le cloisteáil go soiléir uatha.

Is cuma an raibh nó nach raibh a fhios acu go raibh a ‘sexist little conversation’ le cloisteáil, is léir go gcreideann an bheirt nach bhfuil an réiteoir Sian Massey in ann a jab a dhéanamh, cé go bhfuil na cáilíochtaí céanna aici is atá ag aon fhear a cáiliú mar réiteoir, is dóigh liom. 

Is láithreoirí an bheirt acu le Sky Sports, agus ní hé seo an chéad uair acu a ndrochmheas, ar chumas ban in earnáil na peile, a roinnt ar an aer.

Meas tú nach bhfuil sé thar am ag Sky cic sa tóin a thabhairt don bheirt seo, le go bhfanfaidh siadsan, agus a bhfocail ghnéasaíocha, ar an taobhlíne, áit nach mbeidh deis ag ceachtar acu bheith páirteach sna cluichí níos mó?  

Nó, an aontaíonn tú le Richard Keys, a dúirt nach bhfuil sa ‘complaining about sexisim’ ach an cluiche ‘gone mad’?

Cé atá 'out of touch'?

4 comments:

aonghus said...

Meas tú nach ag tochas ar a gceirtlíní féin atá saoistí Sky? Nach fógraíocht bhreá saor in aisce atá á fháil acu? (Agus shamhlóinn sciar mhóir den lucht féachana a bheith ar aon tuairim leis an dís seo pé scéal é).

Cluichíocht atá anseo: ach tá amhras orm faoi stuamacht a bheith ag éirí corraithe faoi. Ní féidir leibideacht dá leithéid a leigheas trína bhrú faoi chois. Tiocfaidh sé amach bealach éigin (agus tharlódh gur ar bhealach contúirteach é)

Ceist agam ort - an mbeadh aon aird agat ar pheil pé scéal é?

ormondo said...

Easpa proifisiúntachta is ea an rud is túisce a rithfeadh liomsa.

Reáchtáilfear Corn Domhain na mBan sa Ghearmáin i mbliana agus tá stádas mór ag foireann na mban abhus (tá siad ina gcuraidh domhanda faoi láthair). Imrítear peil na mban go ginearálta ar chaighdeán an-ard le roinnt blianta anuas.

Ar chaoi ar bith, tá dearcadh na bhfear siúd as dáta.

Mise Áine said...

@ 'Agus shamhlóinn sciar mhóir den lucht féachana a bheith ar aon tuairim leis an dís seo pé scéal é).'

D'fhéadfadh sé go bhfuil an ceart agat ansin, a Aonghuis, agus is mór an trua é sin.

Más 'cluichíocht' atá ar bun, tá tús curtha le babhta a dó!

@ 'an mbeadh aon aird agat ar pheil pé scéal é?'

An aird chéanna a thabharfainn ar gach ábhar a tharraingíonn m'aird ina threo!

Mise Áine said...

@ 'Easpa proifisiúntachta'

Gan dabht, a Ormondo!