Tuesday, October 17, 2023

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2023

Mar a tharla anuraidh, agus neart blianta eile, fiú i 2020 agus i 2021 i rith aimsir Chovid nuair a chuala muid na filí ag aithris ar líne, beidh An Chúirt Filíochta ar ais linn arís i mbliana ag Oireachtas na Samhna. Beidh an Chúirt ar siúl an geábh seo i Seomra Park in Óstán an mBrehon i gCill Airne, ag 1.30i.n. ar an Satharn, 4 Samhain. 

Tá'n Barántas (féach thíos) agus liosta de 'Deasghnátha na Cúirte' faighte agam ón Sirriam gníomhach é fhéin, Proinsias Mac a'Bhaird, an fear a ólann eagraíonn gach rud lá na cúirte. Molaim daoibh na deasghnátha a léamh go cúramach, le deis a thabhairt daoibh fhéin na 'seanfháinní óir' sin a bhailiú, ahem, ar fhaitíos go dteastóidís ar an lá. 

Idir an dá linn, iarrtar oraibh dán amháin (nó dhá dhán ghairide) a sheoladh chuig an sirriam gníomhach ag pmacabhaird ag gmail ponc com, roimh an Déardaoin, 2 Samhain, le bhur dtoil, le go mbeidh deis aige na socruithe teicneolaíochta a dhéanamh. 

Mar is iondúil, cuirtear fáilte roimh lucht aithrise agus lucht éisteachta. Is ócáid shóisialta neamhfhoirmiúil a bhíonn ann, agus a fhad is go gcloíonn chuile dhuine leis na deasghnátha (féach thíos), beidh sé ina raic chraic. Má bhíonn fonn ort dán a scríobh ná a aithris, ní gá cloí le téama na cúirte; tá seans ann go bhfaighidh tú an braon uisce beatha, roinnt duilisc agus snaoisín, pé scéal é. Mar sin fhéin, ná déan dearmad euro dán nó dhó a thabhairt do Phroinsias, roimh ré. 

Bígí ag cumadh, a chairde na filíochta! Agus, ná déan dearmad an scéal a scaipeadh, le bhur dtoil. 

                                ******************************

Barántas

Do Bhaird, Filí agus Ollaimh Bhanbha, beannachtaí!

Whereas, tá aird Chlanna Gael ar chraoltóirí a cuireadh ar ceal cheal chúram ceilte airgid agus an mhórchuid ag caoineadh chliseadh a ruagairí rugbaí sa Fhrainc. 

Be it known, go bhfuil daoine á ndíothú i gCríoch Chanán agus na mílte ar a dteitheadh, go bhfuil fáithe na linne seo ag trasnaíl ar a chéile lena dteachtaireachtaí a chuireann idir fhearg, imní agus amhras ar lucht a n-éisteachta agus go bhfuil neamhshuim an phobail i dtaobh na timpeallachta ina bhagairt sheasta dúinn ar fad. 

Whereas, ó chéadtharraing Aimhirgin críoch na Fódla chuige lena amhrán agus ó chéadmharaigh Finnéagas bradán agus é ar thóir an fheasa, bhí sé d’uchtach ag Éigse Éireann fáistine a dhéanamh, eolas a chuartú agus breithiúnas caoin a thabhairt. Cén eagna anois a roinnfidh sí ar chine Oileán na bhFionn? 

Ordaítear duit, subpoena ad testificum, fianaise a thabhairt os comhair Cúirte a eagrófar ar an tSatharn, an ceathrú lá de mhí na Samhna i gCill Airne ag 1.30 pm, maidir le fealltóirí, fáithe agus fírinne.  

Tugtha faoi mo lámhsa [le húdarás incheistithe] ar an lá seo, an cúigiú lá dhéag de Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle Fiche a Trí.           

 

                                                                        PROINSIAS MAC A’ BHAIRD

                                                                                         Sirriam gníomhach

God Save The King! 

                          **********************************

Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aici/aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte.

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá c(h)uid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith sa tseomra cheart.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaítear aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach]. 

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le tubaiste. Ní aireofar an ceadúnas teilifíse, Patrick Kielty ná cinsireacht ar Mastodon ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta.

Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisc agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Bronnfar buidéal Cognac, caviar agus líne cócaoin ar fhinné a chuireann an giúiré ag gáire os ard.

Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúiré a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig, Gaelg, Gaelscoilis, Yola, Shelta agus Gaolainn Iarthar Dhuibhneach. 

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is a bhíonn gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh sé de chead ag an ghiúiré a gcuid seanfháinní óir a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith nó i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar air seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige/aici. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop.

Ceadaítear don ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne. 

1 comment:

Anonymous said...

Is trua liom nach mbeidh ann