Saturday, August 12, 2023

Bronntanais

Tá aithne agam ar dhaoine a cheannaíonn bronntanais dá gcairde nó dá muintir, go rialta. Ceannaíonn siad bronntanas i bhfaiteadh na súl  - bíodh lá breithe, lá tinnis, lá bainise, lá baiste, lá buartha, lá Nollag nó lá ‘díreach mar’ ann, ceannóidh siad bronntanas agus go minic cárta leis. Is daoine cineálta báúil iad, agus ba bhoichte an saol dá n-uireasa. Caitheann siad go leor ama ag piocadh amach an bhronntanais, agus níos mó ama fós ag fáil an chárta chuí le cur leis an mbronntanas.

An lá cheana, bhí grúpa ban ag caint lena chéile agus chuala mé duine acu ag rá go bhfuil sí tinn tuirseach ag fáil bronntanais, agus go gcaitheann sí a bhformhór acu sa mbruscar mar nach mbainfeadh sí aon úsáid astu, go brách. Ba léir nach ndeachaigh an smaoineamh a bhí taobh thiar den bhronntanas i bhfeidhm uirthise. Níor chuala mé oiread is focal amháin buíochais uaithi maidir le cineáltas an duine nó daoine a sheol na bronntanais chuici. Tá súil agam nach raibh éinne acu ina cuideachta.

Thar na blianta, tá bronntanas nó dhó faighte agam fhéin nach mbainfinn úsáid astu, ach níor chaith mé oiread agus ceann amháin acu sa mbruscar. Nílim ag rá nach ndearna mé athbhronnadh orthu, nó nár thug mé do charthanas éigin iad i ngan fhios don bhronntóir, ach thuig mé go maith go raibh cineáltas agus ceanúlacht sa smaoineamh ónar dtáinig an bronntanas, agus bhí mé thar a bheith buíoch.

Is minic go gceannaítear féirín a gceaptar a d’fheilfeadh don ghlacadóir ach ní gá gur mar sin a bhíonn an scéal, i ndáiríre. Ní cheannóinn cumhrán ná éadaí d’éinne, mar shampla, mura mbeinn céad faoin gcéad cinnte cé acu rogha an duine sin; bíonn gach duine agus a rogha fhéin aige. 

Athraíonn daoine a n-intinn faoi stíl agus nithe mar sin, ach ní dóigh liom go n-athraíonn a bpearsantacht; beidh an duine buíoch buíoch, agus an duine nach bhfuil buíoch, bhuel, seans go gcaithfidh siad an bronntanas sa mbruscar, gan smaoineamh.

Bíonn cineáltas agus grá i mbronntanas. Ní áit é an bruscar dá leithéidí; is fearr iad a chur ar aghaidh. Tá daoine ann óna dteastaíonn grá agus cineáltas, daoine a bheadh thar a bheith buíoch as a leithéidí a fháil. 

An méid sin ráite, mholfainn aireachas i gcúrsaí athbhronnta ach go háirithe. B’fhearr gan an féirín a thabhairt ar ais mar bhronntanas don té a thug duit é. Tarlaíonn a leithéidí, i ngan fhios, in amanna. Sin a chuala mé, pé scéal é.

**************************

Foilsíodh leagan den alt seo sa Donegal News an tseachtain seo, san fhorlíonadh Súil Thart. Is é Seán Mór Ó Daimhín eagarthóir an fhorlíonaidh. 

No comments: