Monday, January 14, 2019

Leanaí Thuama

Déardaoin seo chugainn, ar an 17 Eanáir, idir 6-9 an tráthnóna sin, beidh taispeántas á sheoladh san In-Spire Galerie ar Shráid Ghairdinéir Íochtarach (uimhir 56) i mBaile Átha Cliath, ócáid ag a mbeidh ealaíontóirí éagsúla (cara liom ina measc) ag teacht le chéile lena gcomharthaí ómóis, i gcuimhne ar Leanaí Thuama, a thaispeáint ag ócáid dár dteideal 'Stay With Me.'

Beidh mé ag an seoladh, in ómós do, agus i gcuimhne ar, na leanaí bochta sin; agus le mo chuid tacaíochta a thaispeáint do na máithreacha agus do na páistí a d'fhulaing san áit sin ar a tugadh The Tuam Mother & Baby Home

Beidh an taispeántas ar siúl ar feadh coicíse, agus tá tuilleadh eolais faoin ócáid le léamh anseo, áit a bhfeicfidh sibh físeán leis an scríbhneoir agus iriseoir, Alison O'Reilly (údar an leabhair 'My Name is Bridget' agus an bhean atá taobh thiar den chinneadh an taispeántas seo a chur i dtoll a chéile), físeán ina bhfuil sí ag insint dúinn faoin scéal taobh thiar den taispeántas. 

Catherine Corless le cloisteáil ar an bhfíseán sin, freisin. Murach í. Laoch. 

Grá, dóchas, admháil, aitheantas, agus cothú...sin iad na focail atá in úsáid ag Alison ar an bhfíseán. Beidh mé ann, ag tacú leis na mothúcháin sin uile, agus tá súil agam go bhfaighidh go leor agaibhse, a léitheoirí, an deis siúl isteach san áit, agus na píosaí ealaíona seo a fheiceáil, freisin. 

In ómós. I gcuimhne. Le grá. Le dóchas. 

No comments: