Monday, November 20, 2017

Aoine Dhubh

Tharla sé go raibh mé ag breathnú ar Ireland:am ar maidin, agus chuala mé Sinéad Ryan, saineolaí Gnóthaí Tomhaltóirí, ag labhairt faoin Aoine seo chugainn; sé sin le rá, más fíor, Aoine Dhubh na sladmhargaí, an Aoine i ndiaidh Lá an Altaithe

Mo chuimhne, tá ainmneacha eile, i nGaeilge, luaite le Black Friday, mar atá 'Aoine an Bhreacáin' agus 'Aoine na Pluide,' agus is féidir libh tuilleadh eolais faoi na hainmneacha sin, le Róislín, a léamh anseo. 

Pé scéal é, bhí Sinéad dár gcomhairliú ar maidin (alt eile anseo uaithi, faoi dhearbháin, ar fiú é a léamh roimh an Nollaig, b'fhéidir) maidir le siopadóireacht ar líne an Aoine seo chugainn, 24 Samhain. A moltaí, mar a thuig mise iad, bíodh mé ceart nó mícheart,

1.   Déan do thaighde roimh ré
2.   Cuir táillí phostais agus táillí seachadta san áireamh
3.   Cláraigh do na 'foláireamh ríomhphost'
4.   Bain úsáid as Howard. (Ní raibh mé in ann é a aimsiú. Amú san EU?)
5.   Léigh na 'téarmaí agus coinníollacha.'
6.   Ná caith pingin rua mura bhfuil comhartha 'glas fraincín' le feiceáil. 

Dar léi, tá níos mó cearta ag an duine a bhíonn ag siopadóireacht ar líne. Glacann an tAontas Eorpach leis, is cosúil, nach féidir leis an té atá ag siopadóireacht ar líne an táirge a scrúdú mar a dhéanfadh sé/sí sa siopa, dá bhrí sin tá 14 lá ag an siopadóir ar líne aisíoc a fháil, má bhuaileann athrú intinne é, mar shampla. Ní ghlactar le hathrú intinne mar leithscéal sna siopaí, ahem, de réir mar a thuigim. 

Moltar, más buan mo thuiscint, táirgí ar líne a íoc le cárta creidmheasa, mar go bhfuil córas 'aisíocaíocht' ar fáil, dar léi; má tá fadhb agat leis an díoltóir, nó leis an táirge, caithfear d'airgead a chur ar ais i do chuntas, a fhad is atá an fhadhb á fiosrú. 

A príomh-mholadh, cheap mé féin, más rud go bhfuil tú cinnte faoi do tháirge agus faoi do dhíoltóir, ná bheith in am le d'ordú; sé sin le rá, bí cinnte go bhfuil do dhóthain ama agat an táirge a fháil in am don Nollaig, más bronntanas atá á cheannach agat. 

Más amhlaidh an scéal, agus ar fhaitíos na bhfaitíos nach dtaitneodh do bhronntanas leis an bhfaighteoir (tarlaíonn sé sin!), faigh amach cén 'beartas aisdúichithe' atá ag an díoltóir ar líne. Cén mhaith atá ann don fhaighteoir más téarma aisíocaíochta 14 lá a tháinig leis an mbronntanas, más rud gur ceannaíodh a bhronntanas Nollag ar líne mí roimhe!

Mar rabhadh dúinn uilig, mhol sí bheith cinnte faoin na suíomhanna gréasáin ar a ndéantar táirgí a cheannach; bí cinnte go bhfuil dea-cháil orthu, go bhfuil bunáit acu le seoladh sráide atá le trust, go bhfuil líne thalún acu, agus go bhfuil seirbhísí custaiméara le fáil uatha. 

Go n-éirí go geal cúramach libh! 

No comments: