Tuesday, October 17, 2017

Oireachtas na Samhna 2017 - An Chúirt Filíochta

Is ócáid bhliantúil í An Chúirt Filíochta ag Oireachtas na Samhna, agus tháinig Barántas na bliana seo chugam, chomh maith le mo chóip de, ahem, rialacha na cúirte, le déanaí. Tá siad le léamh, thíos, a chairde, le go mbeidh a fhios agaibh céard atá cearr i gceist leo. 

Más rud go bhfuil fonn ort peann a chur le pár. nó méar a leagan ar mhéarchlár, le dán a chumadh don ócáid, bheadh fear eagraithe na hócáide, agus Sirriam Gníomhach na Cúirte, Proinsias Mac A'Bhaird, breá sásta cóip leictreonach de do dhán (nó dhó) a fháil roimh an 2 Samhain, más mian leat do dhán(ta) a bheith le feiceáil ar an scáileán agus é/iad á aithris agat. 

Más mian, agus más féidir é, seol ríomphost chuige, le bhur ndánta, ag pmacabhaird ag gmail ponc com, roimh an dáta thuasluaite. Más mian leat téama a aimsiú do do dhán, tá rogha tugtha ag Proinsias duit, sa bharántas, ach ní gá cloí leis. 

Leagtar béim ar an taobh sóisialta den Chúirt, agus cuirtear fáilte roimh chuile dhuine, bíodh dán cumtha agat nó ná bíodh. 

Beidh sólaistí ar fáil, théis na Cúirte, agus beidh deis againn, ansin, bualadh le chéile (in áit a bheith ag bualadh a chéile, má thuigeann tú leat mé!) Ar ndóigh, ní féidir, riamh, bheith róchinnte céard a tharlóidh i rith na Cúirte, ach is féidir libh na, ahem, deasghnátha a léamh, thíos, le go dtuige sibh an chraic. I ndáiríre. 

A bhuí le Proinsias, agus le hurraíocht ó Foras na Gaeilge, agus le foireann chumasach An tOireachtas, beidh An Chúirt Filíochta ar siúl ag 1:00 i.n., Dé Sathairn, 4 Samhain, Seomra Inis Faithlinn in Óstán Gleneagle

Beidh mé féin agus Bríd Ní Mhóráin ansin, le smacht súil a choinneáil ar an gcraic uilig, ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeadh an iomarca ólta ag tuirse ar an Sirriam (Ain)ghníomhach. 

                                           Barántas


Do Bhaird, Filí agus Ollaimh na hÉireann, beannachtaí!

Whereas, is fada éigse uasal Fódla ag muirniú an fhocail chothroim, ag santú an natha chaoin agus ag caomhnú friotal na fírinne, é de ghnás aici dúshlán bhodaigh na mbréag a thabhairt bíodh siad anseo in Achadh Airt nó sna críocha imigéin.

Be it known, nár umhlaigh baird Bhanbha riamh roimh chlaon, nár chloígh riamh le heasonóir ná feall, nár éalaigh riamh in aghaidh an éagóra.

Whereas, tá tormán bréan chugainn aniar, claonadh fírinne agus fíricí, corbadh an chirt agus maslú aineolach na macántachta, cén freagra a thabharfaidh filí Inis Ealga ar an táirbhéim bhrúidiúil bhroimnéiseach seo? Cén dúshlán a thabharfaidh siad ar an fhathach bhuí ina thúr eabhair?

Ordaítear duit mar sin subpoena ad testificum a bheith i láthair ag Cúirt i gCill Airne a tionólfar ar an tSatharn, 4 Samhain ag 1.00 san iarnón, chun do chuid fianaise a thabhairt i dtaobh fírinne, fíricí agus feall.

Tugtha faoi mo lámhsa [le huabhar domhaíte agus údarás incheistithe] ar an lá seo, an seachtú lá dhéag de mhí Dheireadh Fómhair, Bliain ár dTiarna Dhá Mhíle agus a Seacht Déag.   

                                                      PROINSIAS MAC A’ BHAIRD
                                                  Sirriam (Ain)ghníomhach

God Save The King!

 Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aici/aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla ann lá na Cúirte.

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá c(h)uid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith gléasta go snasta, labhairt os ard agus a bheith sa tseomra cheart.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaíonn sé/sí aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach].

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar cad is tubaiste ann. Ní aireofar dúnadh an bheáir roimh a ceathair a chlog ar maidin nó ATM Bhanc na hÉireann ina thubaiste phearsanta nó náisiúnta.

Bronnfar dram uisce beatha, crág duilisce agus pins snaoisín ar gach finné a thugann fianaise shásúil. Déantar amhlaidh le deimhniú gur ócáid fhíorghaelach a bheidh ann agus ar eagla gur lig finné ar bith dá c(h)uid gaelachais sleamhnú i dtreo an ghalldachais. Cé nach gcuirfidh neamhGhaelachas bac ar fhinné fianaise a thabhairt, moltar d’fhinnéithe den tsórt seo ligean orthu féin gur fíorGhaeil de shliocht gaelach a bhíonn ag Gaeilgeoireacht ó mhaidin go hoíche iad.

Ar iarratas i scríbhinn ó ⅔ den ghiúire a fhaightear 6 mhí roimh dháta na Cúirte, cuirfear aistriúchán comhuaineach ar fáil sna teangacha seo a leanas: Ultais, Gàidhlig na hAlban, Gaelscoilis, Yola, Shelta agus Gaeilge Thír Chonaill.

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is atá gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh cead ag an ghiúiré cathaoireacha a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith agus leoga i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar ar seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.

Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige/aici. Seachnaítear na mionghléasanna agus an Hip Hop.


Beidh sé de chead ag an ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.

No comments: