Tuesday, August 29, 2017

Ciúin Ciontach

Bíonn ciúin ciontach, go deimhin...shílfeá nach leáfadh an t-im ina béal, ar maidin.


Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht,

Ná trust ciúin ciontach.  (Tost)

Beir ar an abhainn sula dtéir chun an fhuarlaigh. (Breathnú Romhat)

Níl cnocáinín aerach nach fogas dó móinín fraoigh, 
ná gleann domhain gan abhainn a bheith ag dul tríd; 
Tá rotha an tsaoil ina shodar agus gan aon chónaí faoi, 
Agus ní hiondúil an sonas gan an donas a bheith ina orlaí thríd. (Maith) 

2 comments:

Unknown said...

Hi Áine,

Chonaic mé do mhír i Meon Eile.Míle bhrón gur dheineadh priseach don teach " Ceann Scríbhe".Tá súil agam go bhfaighidh sibh gach cabhair ó na háisineachtaí stáit chun teacht ar bhúr seanléim arís.

Chaoiméad an spríd.

Seán MÍCHAÉL Ó Donnchadha

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a chara...ní raibh a fhios agam go raibh an físeán thuas, go dtí gur luaigh tú liom é.

Beidh muid ceart go leor, a Sheáin. Deas cloisteáil uait, arís..:-)