Wednesday, April 1, 2015

Soláthróir Nua do Ríomhphoist i nGaeilge!

gmail.com ann, tá eircom.net ann, tá hotmail.com ann, agus tuilleadh nach iad, ach (agus is ‘ach’ mór é seo), cá mhéad soláthróir ríomhphost atá ann arbh í an Ghaeilge a gcéad teanga; nó, go deimhin, cá mhéad acu arbh í an Ghaeilge an t-aon teanga a cheadaítear i bhformhór na ríomhphost a seoltar leo? Diabhal ceann, cheapfainn féin.

Go dtí inniu.

Ar ball, i gClub na Gaeilge, seolfar ‘GaelMail,’ an soláthróir ríomhphost is suimiúla dá bhfaca mé le fada; ó thaobh na Gaeilge de, pé scéal é.

Admhaím go bhfuil sé crua orm an focal Béarla  sin ‘Mail’ a fheiceáil sa seoladh nua, ó tharla gur cur chun cinn na Gaeilge atá mar phríomhaidhm acu, ach, mar sin féin, is fiú go mór bogadh go dtí an soláthróir nua seo, ceapaim féin.

Beidh tú in ann do roghanna féin a shocrú sna hardsocruithe ar an suíomh nua, mar is iondúil le gach soláthróir, ach, idir an dá linn, tá réamhshocruithe suntasacha ar fáil, cinn a thabharfaidh tú faoi deara, chomh luath agus a thosaíonn tú ag scríobh do ríomhphost úr i.e. beidh na focail i nGaeilge le feiceáil i ndúch dubh, mar is iondúil, ach, má chuireann tú aon fhocal iasachta isteach san abairt, athraíonn dath an dúigh ar an bpointe…mar shampla, beidh dath dearg ar aon fhocal i mBéarla, agus, suimiúil go leor, tagann dath gorm ar aon fhocal a bhfuil cuma eascaine air.

Aisteach go leor, (nó áisiúil go leor, más fearr leat an cor cainte sin a úsáid) tagann dath buí ar aon fhocal cráifeach as a mbaintear úsáid, bíodh an ríomhphost úr ag teacht chugat, mar fhreagra ó do sheoladh nua le GaelMail, nó ag imeacht uait ón seoladh sin. Ar ndóigh, mar a scríobh mé thuas, is féidir leat do rogha féin de dhathanna a úsáid, ach na réamhshocruithe a athrú.

An aidhm atá leis an modh oibre seo, dar leo i nGaelMail, ná go mbeidh ‘an scríbhneoir in ann líon na bhfocal iasachta/cráifeach atá in úsáid acu a fheiceáil ar an bpointe’, rud a thabharfas deis don scríbhneoir leagan Gaeilge den fhocal a aimsiú, nó, bheadh súil acu, go dtabharfaidh an scríbhneoir faoi deara go bhfuil ‘barraíocht raiméise’ in úsáid acu, nuair a fheicfidh siad líon na bhfocal ‘gan ghá’ atá scríofa acu.

Seift mhaith, gan dabht, más amhlaidh do mhian.  Gach duine agus a dhóigh féin aige, dar ndóigh.

Le ceiliúradh a dhéanamh ar an suíomh nua s’acu, beidh comórtas filíochta acu, uair sa mbliain; comórtas a thabharfas deis duit dán comhaimseartha a scríobh, ar cibé ábhar is mian leat féin, ach é a bheith scríofa i gcorp do ríomhphoist úir, ó do sheoladh nua. Caithfear clárú leo, le do sheoladh úr a fháil, ar ndóigh…seift mhaith eile ansin, ceapaim.

Caithfidh dán na míosa seo a bheith seolta chucu, roimh dheireadh na míosa seo, chuig amadáin.aibreáin@gaelmail.gom. Ná déan dearmad na focail ‘Am a’Dáin’ a chlóscríobh ar líne an ábhair, le go n-aithneofar do dhán.


Go  n-éirí go gealt libh! 

4 comments:

Unknown said...

iontach cliste 'is oilte a Áine

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a chara..:-)

Unknown said...

An-chliste, a Áine. TMAG : )

Mise Áine said...

Grma! Bhí mé féin ag gáire agus é á scríobh agam, a April..:-)