Friday, April 10, 2015

NIMBYachas

Níl leagan Gaeilge faighte agam don nath cainte NIMBY fós, agus bheinn sásta bhur leaganacha féin a fháil, a léitheoirí, ach, idir an dá linn, ba mhaith liom an físeán thíos a roinnt libh, le go bhfeice sibh an cineál ruda atá i gceist le NIMBYachas.

Aiféala orm faoi chaighdeán an fhíseáin, ach ní raibh mé ag súil go dtarlódh a leithéidí i mo theach féin, agus rug mé greim ar an gceamara, chun fianaise a fháil daoibh, agus ní raibh deis agam an diabhal rud a chur i bhfócas mar is ceart. 

Mar sin féin, táim den bharúil go dtuigfidh sibh an scéal. 


Billy bocht! Sióg dána...

3 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

nach í Síóg atá glic agus nach é Billy bómánta gur madadh ceart é

Indrek said...

Haigh, a Áine! Más ag cuartú aistriúchán ar an nath cainte sin atá tú fós, sin an ceann a fuair mé ar shuíomh www.focloir.ie - "ní ar leac mo dhorais-se". Bail ó Dhia ar an gCat agus go maire an Madadh seo 'adsa!

Mise Áine said...

@ Réaltán

Tá Sióg glic..;-)

@ Indrek

Go raibh maith agat, a chara! Is maith liom an leagan sin..:-)