Friday, February 13, 2015

Éigse Cholm Cille 2015

Mar eolas daoibh, a léitheoirí. 

'Tá Éigse na bliana seo á reachtáil ar an téama 'Scoláirí Gaeilge Chúige Uladh'. Beidh na cainteanna agus na himeachtaí eile ag tarlú ar 6-7 Márta in Ollscoil Uladh Doire. Cuirfear tús leis an Éigse Dé hAoine ar 7.00 i.n. san Aula Maxima, áit a mbeidh seoladh leabhair le hEithne Ní Ghallchobhair agus an léacht mhór .i. 'Úna Ní Fhaircheallaigh and the Ulster Women of the Gaelic Revival' á tabhairt ag Ríona Nic Congail. Beidh seal áirneáil ann ina dhiaidh sin sa tSeomra Coiteann. Beidh tuilleadh léachtanna agus seoladh eile leabhair ann Dé Sathairn. Tabharfar tuilleadh eolais fá na himeachtaí seo go luath.'

Beidh tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh anseo

3 comments:

Néidí said...

An bhfuil a fhios agat an mbeidh an caint faoi Úna Ní Fhaircheallaigh ar fáil ar líne am éigint. Táim ag obair an lá sin ach b'aoibhinn liom é a chloisteáil. An spéis agam ann

Mise Áine said...

Ríomhphost seolta agam chugat, cheana féin, a Néidí...súil agam go bhfuair tú m'fhreagra.

Mar a scríobh mé, roimhe, is fiú scríobh chucu, le freagra na ceiste sin a fháil, a chara...bíonn léachtaí acu ar an suíomh, ó am go chéile, feictear dom.

Néidí said...

hi a Áine,
Go raibh maith agat. Ní fhaca mé do ríomhphost, déanfaidh mé é sin a sheiceáil. Seolfaidh mé teachtaireacht chuccu cinnte ach níl a fhios agam an oibríonn sé sin,