Monday, February 9, 2015

Féile Pan Cheilteach 2015

'Tá an gearrliosta don chomórtas náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach 2015 fógartha.

Tar éis suas le tríocha iarratas a fháil, tá 12 amhrán nua-chumtha roghnaithe le bheith páirteach sa Chraobh Náisiúnta a reáchtálfar ins an Óstán Seven Oaks, Ceatharlach ar an Satharn, 7ú Márta. I measc na n-amhrán tríd chuig an chraobh tá ceithre cinn as Co. na Gaillimhe, cúig amhrán as Baile Átha Cliath chomh maith le ceann amháin as na contaetha Ciarraí, Tír Chonaill agus Tiobraid  Árann.

Cuirfidh amhránaithe aonair, grúpaí ceoil agus bannaí ceoil na hamhráin i láthair beo ag an ócáid ghalánta i gCeatharlach os comhair lucht féachana agus painéal de thriúr mholtóirí. Beidh an ceoltóir aitheanta Ollie Hennessy ina stiúrthóir ceoil. Measfar na hamhráin ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an cur i láthair. Osclófar na doirse ag 7.30i.n. agus cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ag 8.00. Beidh fáilte roimh chách. Cead isteach €10 agus beidh lascaine speisialta do ghrúpaí de chúigear @ €8 an ticéad.

IMRO atá ag déanamh urraíochta ar an gcomórtas náisiúnta i gcomhar le Gael Linn agus Glór Cheatharlach. Bronnfar trí dhuais ar an oíche le €100 don tríú háit, €200 don dara háit agus €1,000 don chéad áit. Rachaidh an buaiteoir ar aghaidh chun canadh ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2015 i gCathair Dhoire um Cháisc áit a bheidh an t-amhrán buachach in iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta eile ag Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, an Choirn agus an Bhriotáin chun trófaí Pan Cheilteach agus príomhdhuais na féile €1,500 a thógaint.  

Mar sin ócáid mhór agus dáta tábhachtach don dialann is ea Dé Sathairn, 7ú Márta in Ostán Seven Oaks, Ceatharlach. Bí ann gan teip. Glór Cheatharlach atá ag eagrú an chomórtais agus is féidir tuilleadh eolais ar fáil ón gcoiste eagraithe ar 087 2857048, 085 1340047 nó seol rphost chuig pancelticcarlow@gmail.com'


No comments: