Friday, March 14, 2014

Lá Fhéile Pádraig

Cibé áit ina mbeidh sibh an deireadh seachtaine seo, thall nó abhus, tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an gcraic, a léitheoirí, agus go mbeidh comhluadar sultmhar libh d’fhéile na nGael.

Dearfacht an lae anseo. Mallacht an lae anseo. Greann an lae anseo. Seanfhocal an lae anseo. SeanNosBeo anseo. Róislín anseo.

Tá an seanfhocal, thíosluaite, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Aimsir; seanfhocal é a bhaineann le Lá 'le Pádraig - 'an áit a bhfuair Pádraig an ceann is fearr ar Bhríd, is iad ag socrú aimsir an earraigh.'

Gach lá go breá ón lá seo amach, is leath an lae leis. 

Bíodh amhlaidh! Beidh mé ar ais libh ar ball, a léitheoirí, tráth níos faide ar aghaidh...théis na féile...le gile na gréine...tá súil agam..;-)

2 comments:

Míshásta said...

Barr na Maidine ort a Áine

Mise Áine said...

Go mba hé duit, a Mhíshásta!

Bhí mé i nGaillimh don deireadh seachtaine, agus bhí am iontach agam thiar ann, mar is iondúil.

Chonaic mé Paráid na Ceathrún Rua, agus bhain mé an-sult as, caithfidh mé a rá - comhghairdeachas ó chroí leis na rannpháirtithe uilig!