Friday, February 7, 2014

Lá Mór Na Gaeilge

Mar is eol daoibh, a léitheoirí rialta, níl sé i bhfad ó shin ó scríobh mé, ar an mblag seo, faoi Gaeltachtadh

Mar a scríobh mé sa bhlagmhír sin, 'goilleann sé orm nach féidir liom theacht ar sheirbhís phoiblí trí mheán na Gaeilge, nuair is mian liom mo ghnó a dhéanamh i mo theanga dhúchais.,'  dá bhrí sin, beidh mise, leis an bplaiceard thuas, ag siúl ar son mo chearta i mBaile Átha Cliath, i gceann seachtaine, Dé Sathairn, 15 Feabhra.

Mé féin a chum na focail atá ar an bplaiceard, agus is é Kyle, fear na gComharthaí, a lean na treoracha a thug mé dó faoin gcaoi len é a dhearadh dom - sin thuas toradh na hoibre, agus beidh sé liom agam ar an Lá Mór - an plaiceard, chan Kyle

Más mian le haon duine agaibh cóip a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Kyle é féin - tá na sonraí teagmhála le fáil anseo, faoi Visit Us

Tá bunchostas an fhógra íoctha agamsa cheana, mar is dom féin a d'ordaigh mé é, ach táim den bharúil gur €15 a bheadh ar phlaiceard anois, agus €10 ar phóstaer, dá mbeadh spéis agaibh i gceann acu.

Mura bhfuil spéis agaibh i gceann acu, diabhal dochar déanta...ach amháin ag an dream nach bhfuil ag tabhairt '...seirbhísí Stáit as Gaeilge don phobal atá ar comhchaighdeán agus ar comhchéim leis na seirbhísí as Béarla..'

An Ghaeilge Abú! 

No comments: