Friday, January 31, 2014

Oireachtas na Samhna 2013 - Na Seastáin

Mar a scríobh mé cheana, a léitheoirí, bainim sult as na seastáin i Halla na Seastán ag an Oireachtas, agus rinne mé amhlaidh ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne roinnt míonna ó shin - aiféala orm faoin tuairisc mhall, ach más mall is mithid!

Seo chugaibh na grianghraif a thóg mé sa Halla. Más mian libh tuilleadh eolais a fháil, cliceáil ar an bpictiúr cuí len é a mhéadú, nó brú ar an nasc Idirlín faoin bpictiúr - má tá suíomh gréasáin ag an gcomhlacht/foras/áisíneacht/eagraíocht/siopa a chonaic mé, beidh an nasc chuig an suíomh sin le fáil áit éigin thíos.  

Ní dóigh liom gur éirigh liom chuile sheastán a fheiceáil, ach is léir dom, chuile bhliain, go bhfuil cabhair, cúnamh agus tacaíocht don Ghaeilge, agus táirgí na Gaeilge, ar fáil ar fud na tíre. Níl anseo uaimse ach cuid de na nithe a thug mé féin faoi deara:























5 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

an-eolas ansin, a Mhaire :-)

Míshásta said...

"Irish verbs made EASY"

AGOA

Beannachtaí Fhéile Bríde ort agus Athbhliain Cheilteach faoi shéan dhuit a Mháire.

Mise Áine said...

Hmmm...meas tú an bhfuil Maire ag Faire istigh anseo i m'áit..;-)

@ Míshásta

Go mba hé duit, a chara!

Míshásta said...

Ó mo náire!. Gabh mo leithscéal, a Áine. Tá an chuimhne ag meath orm.

Cuirim an milleán ar Réaltán, ní rabhas ach ag leanúint a sampla.
:)

Mise Áine said...

Cuirimse an milleán uirthi, freisin, a Mhíshásta..;-)