Thursday, January 30, 2014

Cat Cosanta

Tá a fhios agam gur chuala sibh caint faoi mhadraí cosanta, ach bíodh a fhios agaibh go bhfuil cait iad féin sách cosantach, agus is féidir leo áit a chosaint leis an díth céille díograis chéanna is atá ag madra, mar atá le feiceáil ar an bhfíseán seo, mar shampla. 

Mar is eol daoibh, is maith liom cait, agus is minic iad luaite agam, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, i mo bhlagmhíreanna. Ar aon nós, gan súil ar bith agam leis an ábhar a bhí faoi chaibidil ar an gclár raidió s'aige inné, tharla sé gur chuala mé Moncrieffe ar Newstalk, áit a raibh sé ag labhairt le Pam Johnson-Bennet, saineolái ar iompraíocht an chait, faoi na 101 to cat behaviour and understanding it, mar a thuigtear iad, is dócha. 

Bhuel, tuigim go maith go bhfuil sibh ann, a léitheoirí, agus is cuma sa tsioc libh faoi chait, agus gurbh fhearr libh madraí, b'fhéidir. Tuigim é sin, mar is maith liom féin chuile ainmhí. Go deimhin, tá madraí againn féin anseo i gCeann Scríbe, ach is é an gáire a baineadh asam inné, chan ainmhithe, ábhar an bhlag seo, creid é ná creid. 

Bhí láithreoir an chláir, Seán Moncrieff, ag labhairt leis an saineolaí, Pam, agus seo mar a chuaigh an chuid sin den chomhrá a bhain gáire asam (04.16 anseo):

Seán:      '...would it be your suspicion that, really, dogs are kinda stupider than cats?'

Pam:      'Oh, absolutely not. No, and I could never get away with saying that because I have a dog  and, boy, I'd have to pay for that later...I think they are both the same.

Seán:      'Okay, but if your dog and your cat were playing chess, and we had to bet on who was going to win...come on, we'd both bet on the cat.

Pam:      'I'd bet on the cat in a lot of instances, but I tell you, if my dog and my cat are playing chess, I'm putting that on YouTube tomorrow...'

2 comments:

Indrek said...

An-fhreagra é sin! :) Tá mé féin ag ceapadh go mbeadh eolas ní b'fhearr ag an madadh ar an gcluife, ach is dócha gur ag an gcat a bheadh an bua sa deireadh, mar gheall air go n-imreodh sé cleas eicínt ar an madadh...

Mise Áine said...

Gan dabht ar bith, a Indrek!

Bhainfeadh rud éigin intinn an mhadra den chluiche, ach ní bhogfadh an cat, cheapfainn, go mbeadh an bua bainte aige..;-)